Iar-imreoir sacair Francach is é Michel François Platini (a rugadh ar an 21 Meitheamh 1955 in Jœuf, An Fhrainc), a tharraing conspóid nuair a bhí sé i mbun UEFA.idir 2007-2015.
Reáchtáladh Craobh na hEorpa sa Fhrainc sa bhliain agus ba é Platini lóchrann na bhFrancach. D’aimsigh Platini naoi gcúl le linn chomórtas na bliana sin.
Scóráil sé cúl amháin ag an Corn FIFA an Domhain 1978 agus dhá chúl ag an Corn FIFA an Domhain 1982.
Sa chluiche Liverpool v Juventus, Corn na hEorpa 1985, d’aimsigh Michel Platini cic éirice do Juventus chun an cluiche a bhuachan do na hIodálaigh, agus maraíodh 39 duine sa phlódú a tharla sa staid.
D'éirigh Platini ina uachtarán ar UEFA sa bhliain 2007 agus bhí scannail go leor ag baint leis.
Bhí íocaíochtaí rúnda, is cosúil, déanta ag Catar leis an gCorn Domhanda 2022 a mhealladh chun na tíre. Bhí cur i gcéill sa phróiseas ar fad.
Sa bhliain 2022, cúisíodh Sepp Blatter (iaruachtarán FIFA) agus Michel Platini (iaruachtarán UEFA) as calaois (imeachtaí a tharla in 2011).
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Michel Platini, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.