Is é an meitniriam dúil cheimiceach uimhir a 109 i dtábla peiriadach na ndúl agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Mt.
Tá sé suite taobh thíos den iridiam sa tábla peiriadach, is é sin, sa naoú grúpa, ach is deacair a rá an bhfuil saintréithe ceimiceacha an mheitniriam cosúil leis an iridiam ar aon nós, nó is dúil radaighníomhach é a dtagann meath uirthi chomh luath is nach féidir mórán a fháil amach faoi iompraíocht cheimiceach na dúile. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an meitniriam ná Mt-278, agus déanann maisuimhir an iseatóip sin gnó an mheáchain adamhaigh don mheitniriam.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
---|---|
Meitniriam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Mt agus Une |
Uimhir adamhach | 109 |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 grúpa 9 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Stair | |
Aimsitheoir | GSI Helmholtz Centre for Heavy Ion Research (en) |
Fionnachtain | 29 Lúnasa 1982 |
Eapainm | Lise Meitner |
Ba iad Peter Armbruster agus Gottfried Münzenberg a bhí i gceannas ar an bhfoireann in Darmstadt sa Ghearmáin, san Institiúid um Thaighde ar na hIain Throma, a ghin an chéad adamh meitniriam. An t-ainm atá ar an dúil inniu, is tagairt é do Lise Meitner, agus dheimhnigh Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) é sa bhliain 1997.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Meitniriam, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.