Gaireas chun neart agus treo réimsí maighnéadacha a thomhas.
Thóg Gauß ceann an-luath inar chroch sé maighnéad beag mar luascadán toirsiúin le sreang toirsiúin, ionas go raibh an maighnéad in ann rothlú go saor cothrománach, agus ba thomhas ar neart an réimse tréimhse an ascalaithe. I measc na maighnéadaiméadar nua-aoiseach, ceann amháin is ea an maighnéadaiméadar floscgheata, ina bhfuil péire leictreamaighnéad, fuinnmhithe le foinse sheachtrach voltais ailtéarnaigh, agus gineann siad seo comhartha i gcorna atá timpeall orthu mar fhreagairt ar an réimse atá á dtástáil. Tá maighnéadaiméadair chrióigineacha (nó SQUIDs) ann freisin. Úsáidtear maighnéadaiméadair i bhfeidhmeanna ina mbíonn réimsí maighnéadacha i ngeoifisic agus sirtheoireacht mhiotal.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Maighnéadaiméadar, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.