Is mífheidhmiú adhairce an neamhábaltacht comhriachtain a dhéanamh de bhrí nach féidir leis ardú an phéinis a chur i ngníomh.
Nó an t-éagumas fireann a tharlaíonn de bharr easpa adhairce a bheith ar fhear, toisc go dteipeann ar fhíochán an bhoid cruachan agus at.
Cineál | sexual dysfunction (en) , reproductive system symptom (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | úireolaíocht, síciatracht, síceolaíocht agus gnéaseolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cóireáil | síciteiripe |
Cógais yohimbine (en) , papávairín, methyltestosterone (en) , ginseng (en) , sildenafil citrate (en) , Viagra, vardenafil (en) agus tadalafil (en) | |
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | PHACTR2, F13B, FSHR, TTC7A, PTGFRN, LRP1B, AOPEP, GLI2 agus CNNM3 |
Aicmiú | |
ICD-10 | F52.2 agus N48.4 |
ICD-9 | 302.72 agus 607.84 |
CIAP | Y07 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0188257 agus 0188253 |
DiseasesDB | 21555 |
MedlinePlus | 003164 |
eMedicine | 444220 |
Patient UK | erectile-dysfunction |
MeSH | D007172 |
UMLS CUI | C0242350 |
DOID | DOID:1875 |
Is éard is cúis leis an gcruachan an fíochán a líonadh le fuil mar a líonfadh spúinse, i dtreo gurb ionann an fhuil agus sreabhán hiodrálachais. Spreagadh collaí a chuireann tús leis an líonadh sin, spreagadh a sheolann teachtaireacht ón inchinn chuig néaróga san pheilbheas.
Is iomaí cúis atá leis an mífheidhmiú. I gcuid bheag de na cásanna bíonn galar orgánach mar bhun leis, cosúil le tál uireasach na hormón gnéasach ag an bhfaireog phiotútach nó an uirí, riochtaí mar dhiaibéiteas ina mbíonn dochar éigin don néarsholáthar simpiteach d'fhuileadáin an phéinis, agus galair ghéara lagaithe eile (fadhbanna néareolaíocha, mar shampla, an dochar a rinne próstaiteachtóime).
Is féidir go mbeidh sreabhadh uireasach fola, cliseadh na néaratharchuradóirí, nó fo-iarsmaí drugaí ina bhfachtóirí (nó easpa hormón agus na hiarsmaí is féidir a bheith ann de dheasca cógais áirithe), nó galracha cardashoithíocha sa riocht freisin.
Ach cúiseanna síceolaíocha is mó a bhíonn mar bhun leis.
Ina measc seo bíonn neart an spreagtha ghnéasaigh, seasaimh na bpairtnéirí maidir le gnéas, agus an caidreamh pósta, clainne is sóisialta.
Oibríonn Viagra trí shreabhadh na fola trí na baill ghiniúna fhireanna (an péineas) a mhéadú. Braitheadh an iarmhairt seo nuair a bhí an druga á thástáil mar chóireáil ar ghalar croí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Mífheidhmiú ardúcháin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.