Múinteoir agus gníomhaí Gaeilge ba ea Máire Ní Shúilleabháin.
Rugadh í ar 2 Feabhra 1884 i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir. Bhí sí ar na timirí Gaeilge a ceapadh faoin mBord Náisiúnta Oideachais sa bhliain 1907 agus gan aon bhean eile ina cuideachta. Bhain sí le gluaiseacht nua an náisiúnachais teanga a raibh Conradh na Gaeilge sáite inti, agus bhí fonn mór uirthi an Ghaeilge a chur á múineadh mar ábhar sna scoileanna.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Feabhra 1884 Sráid na Cathrach |
Bás | 14 Iúil 1914 30 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | múinteoir, státseirbhíseach |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Micheál Ó Súilleabháin (uncail) |
Dúirt Daonáireamh 1901 gurbh í Úna Ní Mharanáin a máthair agus go raibh Seán Ó Súilleabháin, a hathair, ina shiopadóir. Bhí Gaeilge agus Béarla acu beirt, ach Béarla amháin a bhí ag beirt de na páistí ab óige (Alice agus John), agus ba í Máire amháin, an duine ba shine den chlann, a shaothraigh an Ghaeilge. Chuaigh Máire ar scoil i nGaillimh agus ansin i mBaile Átha Cliath. D’fhan sí ann lena huncail Michael agus a bhean chéile Alice; b’as Contae an Chláir do Michael agus é gan Ghaeilge, ar nós Alice. Bhí sí ar lóistín acu fós sa bhliain 1911; faoin am sin bhí BA aici.
Bhí cáil uirthi mar oibrí dícheallach. Dúradh fúithi gurb éard a bhí uaithi leanaí a chur ag labhairt na teanga agus nach labhródh sí ach Gaeilge leo mar mhodh teagaisc. Chaith sí ceithre bliana ag obair don Bhord sular theip ar a sláinte, agus thug sí Brisbane na hAstráile uirthi féin, áit ar lean sí uirthi ag múineadh Gaeilge do pháistí na n-imimirceach Éireannach.
Fuair sí bás ar an 14 Iúil 1914 agus thug An Claidheamh Soluis agus an Clare Journal cuntas ar an scéal. Luadh an obair róchrua mar chúis a báis.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Máire Ní Shúilleabháin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.