Tharla Lámhaigh Lewiston in Maine sna Stáit Aontaithe ar 25 Deireadh Fómhair 2023 agus dúnmharaíodh 18 nduine, an oll-lámhach gunnaí i Meiriceá is measa ó maraíodh 21 duine i Lámhach Robb Elementary sa bhliain 2022.
| ||||
Cineál | spree shooting (en) dúnmharú líonmhar | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Oll-lámhaigh sna Stáit Aontaithe | |||
Dáta na bliana | 25 Deireadh Fómhair 2023 (18:56, 19:08. An tAmchrios Oirthearach) | |||
Suíomh | Just In Time Recreation, 24 Mollison Way, Lewiston, Maine | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Líon básanna | 18 | |||
Líon gortaithe | 13 | |||
Arm | raidhfil leath-uathoibríoch | |||
Tharla na hionsaithe i dteach ósta agus i bpinniúr babhlála.
Ba bheag nár gabhadh an fear gunna agus ar éigean Dé a thug sé na cosa leis ón mbás. Thosaigh tóraíocht mhór in Maine. Bhí faitíos an domhain ar dhaoine i Lewiston go raibh tuilleadh urchóide beartaithe ag an teifeach.
Ceithre lá níos déanaí, fuarthas corp Robert R Card, 40 bliain d'aois agus sáirsint in Arm Cúltaca na Stát Aontaithe. Chuir sé lámh ina bhás féin. Traenálaí gunnadóireachta ba ea é. Bhagair sé go ndéanfadh sé ionsaí gunna ar bhunáit de chuid an National Guard i rith an tsamhraidh. Chaith sé coicís in ospidéal meabhairghalair dá bharr.
Rialachán éadrom ar ghunnaí é an cháil atá ar stát Maine: ní theastaíonn ceadúnas ansiúd le gunna a cheannach ná a iompar, agus níl aon cheann de na dlíthe foláirimh i bhfeidhm ann, dlithe a thugann cead do na húdaráis arm a bhaint de dhuine má mheastar iad bheith contúirteach.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Lámhaigh Lewiston, 2023, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.