Féile Chríostaí a tharlaíonn lá i ndiaidh na Cincíse, féile aistritheach i bhféilire na gCríostaithe, is ea Luan Cincíse. Tá sí aistritheach toisc go mbíonn an dáta ag brath ar dháta na Cásca.
Cineál | lá saoire |
---|---|
Ainmnithe in ómós | An Luan, Cincís agus An Spiorad Naomh |
Lá | Easter + 50 days (en) |
Lá den tseachtain | An Luan |
← Cincís | |
Tagan an téarma
Tá Luan Cincíse ina fhéile sna tíortha seo a leanas; Antigua agus Barbúda, Anguilla, an Ostair, na Bahámaí, Barbadós, an Bheilg, an Chipir, an Danmhairg, Doiminice, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, Greanáda, an Ungáir, an Íoslainn, an Cósta Eabhair, Lucsamburg, Monacó, Montsarat, an An Ísiltír, an Iorua, An Rómáin, Saint Lucia, San Críostóir-Nimheas, San Uinseann agus na Greanáidíní, Oileáin Sholamón, an Eilvéis, Tóga agus an Úcráin. I go leor de na tíortha seo tugtar "an dara lá de Pentecost" den Chincís uirthi..
San Fhrainc, rinneadh lá oibre aisti do go leor oibrithe ó 2005 go 2007. Tharla sé seo chun airgead breise a a bhailiú ós rud go raibh easpa ullmhúcháin déanta ag an rialtas le haghaidh toinne teasa an tsamhraidh, rud a ba chúis ganntanas cúraim shláinte chuí do dhaoine scothaosta. Leanann sé seo ar aghaidh, gur "lá saoire oibrithe" í sa bhFrainc. I Lichtinstéin, meastar Luan Cincíse ina "laethanta saoire is fearr ", ar nós na Nollag i go leor tíortha eile. Sa Ghearmáin, lá saoire fógartha eaglaise is ea Luan Cincíse (Gearmáinis: Pfingstmontag) do na Caitlicigh Rómhánacha. San Tioróil Theas, tagann sé in ionad lá saoire an naoimh áitiúil, a ceiliúrtar in áiteanna eile san Iodáil.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Luan Cincíse, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.