Ceoltóir agus cumadóir a bhí ina phríomhamhránaí leis an racghrúpa The Velvet Underground sna seascaidí ab ea Lewis Allen Reed, ar a dtugtar Lou Reed go forleathan (2 Márta 1942 a rugadh é - 27 Deireadh Fómhair 2013).
As Brooklyn, Nua-Eabhrac sna Stáit Aontaithe ó dhúchas dó.
Tugtha don ól, tháinig ailse ae air. D'ólfadh Reed an chros den asal ach ba é galar ae a taifeadadh mar an chúis bháis Fuair sé bás in East Hampton (Nua Eabhrac) ar 27 Deireadh Fómhair 2013.
"An Taobh Fiáin den saol" an t-amhrán is cáiliúil leis.
I 1978, chum Lou Reed Street Hassle, amhrán ar leith, bunaithe ar scéalta ó shráideanna Nua Eabhrac. Tá sé nach mór 11 nóiméad ar fhaid. Sa chéad cuid Waltzing Matilda, cloisimid scéal ó bhean a chasann le striapach fireann agus an eachtra a tharlaíonn dóibh. I gcuid a dó de ‘Street Hassle’, tá mangaire drugaí le clos ag caint mar gheall ar bhás mná ina árasán. Sa chuid dheireanach, ‘Slipaway’, cloisimid Lou Reed (le cabhair ó Bruce Springsteen, ar tharla é a bheith sa cheantar céanna an lá céanna go raibh an t-amhrán á thaifeadadh) ag machnamh ar na hábhair is giorra dá chroí: an grá is an bás.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Lou Reed, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.