Ban-aisteoir Iodálach is ea Lola Pagnani.
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Tagairtí, stíl, gram, ranna, srl Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Rugadh ar an 3 Aibreán, 1972 í.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Aibreán 1972 52 bliana d'aois An Róimh, An Iodáil |
Gníomhaíocht | |
Gairm | mainicín, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse, damhsóir bailé |
Tréimhse oibre | 1989 – |
Teangacha | An Iodáilis |
Suíomh gréasáin | lolapagnani.it |
Tugadh an t-ainm Anna Lola Pagnani Stavros di ag am a breithe. Is iníon Enzo Pagnani, an scriptscríbhneoir scannán, í. Bhain sí céim amach i bPáras sa damhsa comhaimseartha agus í 17 mbliana d'aois. Bhí sí ina damhsóir do Momix ag an Turas Domhain, agus chomhoibrigh sí le cóiréagrafaíocht Cirque du Soleil i Montréal. Ba príomhdhamhsóir í ag an an Áras Ceoldrámaíochta i Munich faoi stiúrthóireacht Lina Wertmuller, agus Giuseppe Sinopoli an stiúrthóir ceolta. Níos déanaí, ba chéimí í i ndamhsa comhaimseartha ag Alvin Ailey American Dance Theater i Nua-Eabhrac. Rinne sí staidéir ar aisteoireacht ag an HB Studio, i Nua-Eabhrac freisin, sula ndeachaigh sí ar ais go dtí an Iodáil.
San Iodáil d'oibrigh sí le daoine iomráiteacha na dtionscadal scannán agus téatar, mar shampla Ettore Scola, Giulio Base, Lina Wertmuller, Spike Lee, John Turturro, agus Abel Ferrara. Thacaigh sí le Lavazza le Tullio Solenghi agus Riccardo Garrone agus chaith sí dhá bhliain ag obair ar an seó cainte Maurizio Costanzo. Tugadh cuireadh di obair le Enrico Montesano, Marco Columbro, Barbara De Rossi, Blas Roca Rey, Enrico Brignano, Nino Manfredi, Vittorio Gassman agus Shelley Winters, a chabraigh léi chun staidéir a dhéanamh go príobháideach i Los Angeles.
Chomhoibrigh sí freisin le Rai International i Nua-Eabhrac ar chúpla clár agus bhí sí ina hóstach do PoP Italia. D'oibrigh sí don iris Associazione Via Condotti.
Le déanaí, shocraigh sí chun clár faisnéise a dhéanamh le stiúrthóir agus léiritheoir Meiriceánach Melissa Balin, ós rud é gurbh íospartach í den Mhaifia. Women Seeking Justice (Mná ag Cuardú Cirt) is ainm don tionscadal.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Lola Pagnani, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.