Leathar

Seithe mamaigh, reiptíle nó éin, coirtithe chun í a chaomhnú is a dhéanamh solúbtha crua, is ea leathar.

Bíonn leathar frithsheasmhach i gcoinne meathlaithe, fiú nuair a fhliuchtar is a thriomaítear arís is arís eile é, tréith a bhraitheann ar a struchtúr snáithíneach póiriúil.

Leathar

Déantús

Sa phróiseas coirtithe, baintear an ghruaig den tseithe ar dtús, coirtítear í le tainnin, cróm nó alúm, déantar solúbtha í le geir,.Ar deireadh críochnaítear an dromchla le glónrú, dathú, laicearú, cabhradh is/nó svaeidiú. Scoiltear an tseithe le meaisín ina dhá chiseal, ciseal colainne is ciseal seachtrach, chun tiús cuí leathair a fháil.

Sóirt

Déantar leathar Mharacó as seithe gabhair, a shnastar go críochnaithe.

Dhéantaí leathar seamaí as seithe fiaghabhair, ach anois úsáidtear seithí eile a scoiltear is a choirtítear chun a mboige a fheabhsú.

Leathar 
Green Alley Award 2019 Gelatex

Déantar ábhair shaorga anois le struchtúr póiriúil cosúil le leathar. Mar shampla, cruthaíonn Gelatex Technologies ábhar as geilitín atá cosúil le leathar traidisiúnta. Is féidir an t-ábhar a úsáid in éadaí, bróga, agus taobh istigh de charranna. Tá an t-ábhar seo níos fearr don timpeallacht toisc go mbaineann siad úsáid as ábhar nádúrtha ó phróisealú feoil. Is ábhar orgánach é freisin.

Tagairtí

Tags:

MamachReiptílÉan

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Córas céadfachJeffrey DonaldsonLoarn mac EircCarles Puigdemont2 Meán Fómhair1711Clocha ceangailte agus madraí scaoiltePáirtí Aontachtach DaonlathachContaetha na hÉireannEalaín fheidmeachGluaisrotharIúr Cinn Trá agus Ard Mhacha (Toghcheantar Tionóil)DúlraAilse phróstataighPáirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)DOIAclaíocht isiméadrachFuaidreánPáipéarTeangaLá saoireRóisín ElsaftyFótagrafaíocht mínealaíneCeann TráAbhainnCoirbéaladhCeol traidisiúnta na hÉireann1990Mahatma GandhiSeán Mac ErlaineDúnorgainIMRAMIdéTaipirFón clisteFoireann Quidditch náisiúnta na hÉireannEolaíocht sláinteRoy BluntAcht na Gaeltachta 2012ÉiceolaíochtNíotráitIspínRúcachFloridaGealtacht Mael MórdhaÁrachasTeangeolaíochtReachtVíreas Heipitíteas CAeróg (leictreonaic)SiocConcas na Spáinneach ar Impireacht na nInceachStaitisticCoimisiún Béaloideasa ÉireannMartin LandauSweet but PsychoRotterdamEacnamaíochtScannánaíochtDùn ÈideannPuballGuma cogantaAn GhaeilgeGlen HansardJohnny DeppCíochForbairt inbhuanaitheTuaisceart ÉireannLeonNa taoidíGásGreta ThunbergAn Ghealach🡆 More