Is éard is meaisín ann ná gaireas nó gléas ar bith a úsáideann fuinneamh i gcomhair gníomhaíochta éigin.
In úsáid coitianta, is é a bhrí ná gaireas a bhfuil codanna aige chun aon chineál oibre a dhéanamh nó chun chuidiú le hobair a dhéanamh. Gléas simplí is ea meaisín a trasfhoirmíonn an treo nó méid an fhórsa gan aon tomhailte fuinnimh. Tá an focal "meaisín" díorthaithe ón bhfocal Laidine machina.
Go stairiúil, bhí gá ann go mbeadh codanna gluaiseachta ag meaisín chun é a rangú mar mheaisín; áfach, le teacht na theicneolaíochta leictreonaice forbraíodh gléasanna gan chodanna gluaiseachta a mheastar ina mheaisíní iad - an sampla is follasaí ná an ríomhaire.
Is meaisíní iad innill a thiontaíonn teas nó foirmeacha eile fuinnimh ina bhfuinnimh meicniúil. Mar shampla, in inneall dócháin inmheánaigh is é an toradh ar leathnú gháis de bharr teasa ó imoibriú eisiteirmeach ceimiceach ná frithghníomhú á chur i bhfeidhm chun comhpháirt shochorraithe, cosúil le loine nó lann tuirbín.
Tá meaisíní uileláithreach i réimse leathan d'fheidhmeanna tionsclaíocha, tráchtála, cónaithe agus iompair. Bíonn na cinn a bhaineann feidhm as hiodrálaic an-úsáideach ach go háirithe i ndéantúsaíocht agus i dtionscal na tógála.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Meaisín, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.