Lá Na Heorpa

Déantar ceiliúradh ar shíocháin agus ar aontacht san Eoraip ar Lá na hEorpaː

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá na hEorpa
Íomhá
CineálEuropean day (en) Aistrigh
symbols of the European Union (en) Aistrigh
saoire phoiblí
saoire phoiblí
lá bratach na Fionlainne Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séForógra Schuman Cuir in eagar ar Wikidata
9 Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata
TírAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra

Lá Na Heorpa 
Eagraíodh an Pharáid Schuman sna blianta 2000idí i Vársá ar Lá na hEorpa (2008 anseo)
Lá Na Heorpa 
Scoil sa Phortaingéil maisithe do Lá na hEorpa

Bunaíodh Comhairle na hEorpa an 5 Bealtaine 1949 agus, mar sin de, roghnaigh sí an lá sin chun ceiliúradh a dhéanamh, ó 1964 ar aghaidh.

Sa bhliain 1985, ag Comhairle Eorpach Milano, ghlac na Comhphobail Eorpacha (an tAontas Eorpach sa lá atá inniu ann) le siombailí Eorpacha Chomhairle na hEorpa, go háirithe bratach na hEorpa.

Chinn ceannairí an Chomphobail ar lá a eagrú i gcomóradh Dhearbhú Schumann an 9 Bealtaine 1950. Moladh leis an ndearbhú seo tionscail ghuail agus chruach na Fraince agus na Gearmáine Thiar a chomhthiomsú, as a tháinig an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach, an chéad Chomhphobal Eorpach, agus mar sin, meastar gur príomhthráth bunaithe a bhí ann.

Thug Parlaimint na hEorpa aitheantas do lá saoire an 9 Bealtaine go foirmiúil i nDeireadh Fómhair 2008.

Deasghnáth

Ceiliúrtar 9 Bealtaine i bhfoirmeacha éagsúla san Aontas Eorpach agus i dtíortha mórthimpeall air (an Tuirc fiú sna blianta 2000idí).

Le Lá na hEorpa a cheiliúradh, osclóidh institiúidí an Aontais Eorpaigh a gcuid doirse don phobal i dtús mhí na Bealtaine sa Bhruiséil agus in Strasbourg. In oifigí áitiúla an Aontais san Eoraip agus ar fud an domhain eagraítear gníomhaíochtaí agus imeachtaí éagsúla do dhaoine de gach aois.

Gach bliain glacann na mílte duine páirt i dturais, díospóireachtaí, ceolchoirmeacha, agus imeachtaí eile leis an lá a chomóradh agus le feasacht faoin Aontas Eorpach a mhéadú.

De bharr nádúr polaitiúil an lae seo, bíonn iarrachtaí ann chun daoine a mhúineadh faoin Aontas Eorpach agus bíonn daoine ag labhairt i bhfabhar lánpháirtiú na hEorpa.

Bíonn príomhról ag an mbratach, mar shiombail eile, le linn na gceiliúrtha ginearálta.

D'ainneoin céadrogha don 9 Bealtaine, ceiliúrann roinnt Eorpach an 5 Bealtaine mar gheall ar ról na Comhairle i leith cearta an duine, daonlathas agus smacht reachta a chosaint. I gcodarsnacht leis seo, ní raibh Dearbhú Schuman ach ag tabhairt moladh ar aghaidh chun gual agus cruach na Fraince agus na Gearmáine a chomhthiomsú. Lena chois sin, tá 9 Bealtaine ar comhthráth le Lá an Bhua, sin é deireadh an Dara Chogaidh Dhomhanda san iar-Aontas Sóivéadach (arna cheiliúradh in Iarthar na hEorpa an 8 Bealtaine).

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Lá Na Heorpa CúlraLá Na Heorpa DeasghnáthLá Na Heorpa Féach freisinLá Na Heorpa TagairtíLá Na HeorpaEoraipSíocháin

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Oireachtas na GaeilgeLitríocht na hÉireannAltanAn GhaeltachtLá ANZACÉire agus an Bhreatain MhórPrótacal Aistrithe HipirtéacsGramadach na GaeilgeAn PholainnÁine Ní GhlinnAn RúisAirgeadasNaomh Colmán2012Aimsir na bliana 2023Víreas deingeSui generisArthur Conan Doyle1724Oifig Feidearálach an ImscrúdaitheContae Lawrence, AlabamaBásOwen MacCló Iar-ChonnachtPolaitíochtSamhail teanga mhórFéilire7 Márta2020Cumann Lúthchleas Gael1975Sundar PichaiSeán Mac DiarmadaCú FaoilGrá12 EanáirSydneyCharles LawsonAn tAontas Eacnamaíoch EoráiseachCogadh na Saoirse (Éire)Cómhaoin Wikimedia22 BealtaineGreta ThunbergAimsitheoir Aonfhoirmeach AcmhainneAn DagastáinDermot O'LearyCeirtlisDavid Ben-GurionAn MhalaeisiaGlúcósEoghan mac NéillBáidín FheilimíMonaisiúicrídEl NiñoAn TatarstáinÉire (Poblacht na hÉireann)StaidreamhHenry David ThoreauAn AstráilAn Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint SonraíIosraelOcsaiginLáithreán GréasáinEolaíocht mhatamaiticeMód, meán, airmheánradaíocht ultraivialaitCúige LaigheanPtychodusEolaí🡆 More