Amhránaí Tibéadach is ea Jamyang Kyi, a rugadh sa bhliain 1965 in Amdo in oirthuaisceart na gcríoch Tibéadach.
Is scríbhneoir, iriseoir, láithreoir do Theilifís Qinghai agus feiminí í freisin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1965 58/59 bliana d'aois Amdo |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir, amhránaí, aistritheoir |
Teangacha | An Mhandairínis Chaighdeánach |
Uirlis | Ceol gutha |
Rugadh Jamyang Kyi i gcúige Qinghai, sa chuid a dtugann na Tibéadaigh Amdo air, réigiún ina maireann roinnt grúpaí eitneacha inniu agus go traidisiúnta ceann de na trí réigiúin den Tibéid. Rugadh isteach í i dteaghlach tuaithe i maoracht féinrialach Tsolho (Hainan). Bhí cónaí uirthi ina dhiaidh sin i gcathair Xining in Amdo i gcúige Qinghai. Tá sí pósta agus tá beirt iníonacha aici.
Is amhránaí í Jamyang Kyi. Cumann sí féin na hamhráin a chasann sí. Le linn na 1990idí, thaifead sí roinnt albam, ina measc Paidir, Karma agus Leannán i gcéin". Tar éis eisiúint albam eile léi, Teachtaireacht ón gcroí, sa bhliain 1997, d'fhás a clú sa Tibéid. Tá ceol Jamyang Kyi faoi thionchar cheol traidisúnta agus nua-aimseartha mhuintir na Tibéide.
Iriseoir teilifíse agus scríbhneoir atá in Jamyang Kyi. Chuir sí cláracha i láthair i Tibéidis ar an slabhra úd Teilifís Qinghai ar feadh breis is 20 bliain. Ó 2005 i leith, tá roinnt aistí faoi staid na mban sa Tibéid scríofa aici. I measc a cuid alt atá curtha i gcló tá ceann amháin ina chuireann sí síos ar dhéileáil na mban óg (Qinghai Daily, eagrán Tibéidise, 11/30/05), agus ceann eile faoi stádas na mban sa phobal Tibéadach. Tá cur síos faoi leith déanta aici ar phóstaí faoi iachall.
Agus corraíl shóisialta ar siúl sa Tibéid sa bhliain 2008, ghabh póilíní de chuid na Síne Jamyang Kyi ar 1 Aibreán 2008 ina háit oibre ag Teilifís Qinghai
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Jamyang Kyi, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.