Is í Helsingør cathair sa Danmhairg.
Helsingør | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Tír | an Danmhairg | ||||
Region of Denmark (en) | Réigiún Phríomhchathair na Danmhairge | ||||
Municipality of Denmark (en) | Helsingør Municipality (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 47,364 (2018) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 3000 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 49 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | helsingor.dk |
Tá an chathair lonnaithe ar chaolas Øresund in oirthuaisceart na Séalainne. Is í an tSéalainn (Danmhairgis: Sjælland) oileán mór Danmhargach atá suite idir leithinis na hIútlainne agus Deisceart na Sualainne. Sa bhliain 2012, bhí breis is 46,000 duine ina gcónaí i gcathair Helsingør fhéin agus thart ar 61,000 duine sa cheantar uirbeach. Tá an ceantar sin ar an tríú ceantar uirbeach is mó na Séalainne tar éis Cóbanhávan agus Roskilde. Is í Helsingør lárionad den bhardas leis an ainm céanna.
Scarann caolas Øresund an Danmhairg ó Dheisceart na Sualainne agus is í Helsingborg ainm don chathair atá suite ar an taobh thoir den chaolas sa tSualainn. Níl an caolas níos leithne ná 4 nó 5 km ar an suíomh seo agus tá bád farantóireachta ag dul idir an dá chathair.
Is é Caisleán Kronborg an suíomh is tábhachtaí sa turasóireacht áitiúil mar gheall ar a pháirt mar chaisleán ríoga i gcathair Elsinore sa dráma traigéide de Phrionsa na Danmhairge darbh ainm Hamlet leis an ndrámadóir clúiteach William Shakespeare. Tá bunscéal den dráma faoi Amletus, garmhac Rí na Danmhairge, le fáil sa leabhar Gesta Danorum le staraí Danmhargach Saxo Grammaticus ón Meánaois.
Tá Helsingør nasctha le cathracha éagsúla, ina measc:
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Helsingør, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.