Hans Habe: Scríbhneoir Ostarach

Scríbhneoir Ostarach de phór na hUngáire ba ea Hans Habe, nó János Békessy, mar a bhí air ar dtús.

Saolaíodh i mBudapest é ar an 12 Feabhra 1911, agus shíothlaigh sé in Locarno san Iodáil ar an 29 Meán Fómhair 1977. Bhí Habe lán d'aer an tsaoil agus is iomaí caint a tharraing a shaol.

Infotaula de personaHans Habe
Beathaisnéis
Breith12 Feabhra 1911
Búdaipeist, An Ungáir Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Meán Fómhair 1977
66 bliana d'aois
Locarno, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Príomheagarthóir
Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ungáiris
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, iriseoir, eagarthóir rannchuidithe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis agus an Ungáiris
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
CéileEleanor Post Hutton
Ali Ghito
Eloise Hardt Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAntal de Bekessy
 (Hans Habe: Luathshaol, Na Naitsithe, An tréimhse iarchogaidh Eleanor Post Hutton) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEmmerich Bekessy
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0352135 Allocine: 479215 Allmovie: p310094 Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol

Chuaigh an teaghlach chun cónaithe i Vín i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Ach tharraing a athair, an foilsitheoir Imre Békessy, náire air féin agus ar a mhuintir leis an iompraíocht scannalach a bhí ar siúl aige.

Hans Habe: Luathshaol, Na Naitsithe, An tréimhse iarchogaidh 
Léigiún Coigríochach na Fraince

Chuaigh a mhac le hiriseoireacht agus ghlac sé an t-ainm Hans Habe air féin. Cé go raibh Ungáiris ó dhúchas aige, d'fhoghlaim sé Gearmáinis go luath ina chéad óige, agus mar sin, ní bhfuair sé deacair scríbhneoireacht a chleachtadh sa teanga sin.

Na Naitsithe

Bhí Habe ag lochtú na Naitsithe agus na bhFaisistithe ina chuid scríbhneoireachta, agus nuair a rinne Hitler cúige Gearmánach den Ostair, theith Habe lena anam. Ar dtús, shocraigh sé síos san Fhrainc agus chuaigh sé sna saighdiúirí sa Léigiún Coimhthíoch le buille a bhualadh in aghaidh Hitler.

Hans Habe: Luathshaol, Na Naitsithe, An tréimhse iarchogaidh 
An sluachampa géibhinn in Drancy, lámh le Páras

I ndiaidh do na Naitsithe an Fhrainc a fhorghabháil, fuair Habe é féin cimithe i gcampa géibhinn Drancy. Ach d'éirigh leis éalú, agus an tír a fhágáil in éineacht lena bhean chéile.

Tríd an Spáinn agus tríd an bPortaingéil, tháinig an bheirt acu go dtí na Stáit Aontaithe. I Meiriceá, áfach, fuair Habe colscaradh agus phós sé bean shaibhir Mheiriceánach, Eleanor Hutton, sa bhliain 1942. Saolaíodh mac dóibh go gairid ina dhiaidh sin.

Ón mbliain 1942 ar aghaidh, throid Habe in arm na Stát Aontaithe, agus fuair sé oiliúint sa chogaíocht shíceolaíoch agus sa bholscaireacht. Goineadh é ag ceithre ócáid déag le linn an chogaidh.

An tréimhse iarchogaidh

Nuair a bhí an Ghearmáin cloíte, chuir Habe bun le sraith de nuachtáin ar fud na Gearmáine, agus é ag iarraidh intleachtóirí agus scríbhneoirí frith-Fhaisisteacha a earcú lena n-aghaidh. Bhí sé gníomhach ina iriseoir sa Ghearmáin agus ina scriptscríbhneoir do Hollywood san am céanna, agus tháinig na póstaí sna sálaí ag a chéile.

Hans Habe: Luathshaol, Na Naitsithe, An tréimhse iarchogaidh 
Charles Manson, a dhúnmharaigh iníon Habe

Le hEloise Hardt, rugadh a iníon dó, Marina Elizabeth, sa bhliain 1951, ach dhúnmharaigh an sraithmharfóir Meiriceánach Charles Manson agus lucht a leanúna an iníon nuair a bhí sí ina cailín óg.

Sa bhliain 1954, phós Habe a bhean dheireanach, Licci Balla.

Agus é ag dul anonn in aois, d'éirigh Habe ní ba choimeádaí ina chuid tuairimí, agus sna seachtóidí, bhí sé á shíorlochtú ag na radacaigh óga.

Saothar

Scríobh Habe breis is fiche leabhar, cuid mhaith úrscéalta ina measc, agus stíl thraidisiúnta scríbhneoireachta aige. Bhí cuid mhaith dá chuid scríbhinní ficseanúla bunaithe ar eachtraí a shaoil féin.

Hans Habe: Luathshaol, Na Naitsithe, An tréimhse iarchogaidh 

Ní raibh mórán tuisceana aige riamh do na sruthanna nua-aimseartha litríochta i ndiaidh an chogaidh. Go háirithe, ní raibh sé ábalta mórán céille a bhaint as saothar Gruppe 47.

  • Christoph und sein Vater ("Críostóir agus a Athair", 1966)
  • Drei über die Grenze ("Triúr ag dul thar teorainn", 1936)
  • Erfahrungen ("Saoltaithí", 1973)
  • Ich stelle mich ("Géillim mé féin", 1954)
  • Ilona (1960)
  • Im Jahre Null ("I mBliain Uimhir a Náid", 1966)
  • Im Namen des Teufels ("In Ainm an Diabhail", 1956)
  • Kathrin oder der verlorene Frühling ("Caitríona, nó an tEarrach Caillte", 1943)
  • Leben für den Journalismus ("Saol ar son na hIriseoireachta"). - München: Droemer Knaur, 1976. - ISBN 3-426-00430-5
  • Die Mission ("An Misiún", 1965)
  • Das Netz ("An Líon", 1969)
  • Ob Tausend fallen ("An dTitfidh na Mílte", 1947)
  • Off limits ("Off Limits", 1955)
  • Palazzo ("Palazzo", 1975)
  • Die Rote Sichel ("An Corrán Dearg", 1959)
  • Die Tarnowska ("Bean dar sloinne Tarnowska", 1962)
  • Tod in Texas ("Bás i dTexas", 1964)
  • Tödlicher Friede ("Síocháin Mharfach", 1939)
  • Ungarischer Tanz ("Damhsa Ungárach", foilseachán iarbháis, 1983)
  • Eine Welt bricht zusammen ("Domhan ag Titim as a Chéile", 1937)
  • Weg ins Dunkel ("An Bealach isteach sa Dorchadas", 1977)
  • Wie einst David ("Mar a Rinne Dáithí Fadó", 1971)
  • Wien, so wie es war ("Vín, Mar a Bhí", 1969)
  • Wohin wir gehören ("Cá bhFuil ár nDúchas", 1946)
  • Zu spät? ("Ródhéanach?", 1939)

Tags:

Hans Habe LuathshaolHans Habe Na NaitsitheHans Habe An tréimhse iarchogaidhHans Habe SaotharHans Habe12 Feabhra1911197729 Meán FómhairAn IodáilAn OstairAn UngáirBúdaipeistLocarnoScríbhneoir

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

PárasPaitinnCúige ChonnachtTuairiscSergei Prokofiev1928Dubáil8An fearann poiblíCarmen BasilioOla róis1547StairMagellanPrionsa Pilib, Diúc Dhún ÉideannYCíréib SowetoAois toilitheScaipeadh (fisic)Riail dhíreach (Tuaisceart Éireann)1Pádraig Mac SuibhneJens SkouCnaíUachtarán na Stát AontaitheTóiriamLongTAn Béarla1956UtahXeanón33Falrais SydenhamStáit Aontaithe MheiriceáLéachtóirUBliosán gréineMeicsiceoLá saoireBánFisiceoirAn tAontas EorpachAn GhailísisAn tSlóvaicisIúpatar (pláinéad)72PioratramIOSAn GhaeltachtAn tAontas Eacnamaíoch EoráiseachStróc teasaLeathréRamadan23 FeabhraCogadh na hIaráiceBrown ThomasEddy GrantAn tSeicisPríomhroinn ShasanaCuáitComhriachtainGormshúileachRíocht RómhánachThe Voice (séasúr 15 na SA)Cruach dhomheirgtheNagoya15 Meán FómhairDrentheCómhaoin WikimediaDúnmharuithe Craigavon (1991)UNESCO🡆 More