Thosaigh géarchéim bhaincéireachta na hÉireann, 2008, i ndáiríre ar an 29 Meán Fómhair 2008, nuair a chinn Rialtas na hÉireann teacht i gcabhair ar bhainc chomhlachais na tíre, ar an mBanc Angla-Éireannach go háirithe, a bhí sna croití deireanacha.
Cineál | géarchéim airgeadais tarrtháil eacnamaíochta |
---|---|
Dáta na bliana | 2008 |
Tír | Éire |
Bhí luach €440 billiún i gceist le scéim ráthaíochta na mbanc.
Tharla an ghéarchéim airgeadais 2007-2008 nuair a phléasc an bolgán tithíochta amach sna Stáit Aontaithe agus tar éis do na bainc bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí (iasachtú fophríomha go háirithe).
Ar 4/5 Meán Fómhair 2008, rinne Moody's, agus ansin Fitch ratings, íosghrádú ar rátaí creidmheasa INBS. Tháinig scaoll ar na bainc i ndáiríre in Éirinn a bhí imithe thar a n-acmhainn.
Ar 18 Meán Fómhair 2008 agus olléileamh ar an gcóras baincéireachta, ghlaoigh Lenihan an clár raidió Liveline agus labhair sé le Joe Duffy; bhí alltacht ar Lenihan ach ní raibh sé in ann an teannas a mhaolú. Bhí daoine ag tógáil airgid as na bancanna lena chur faoin leaba, agus tuairiscí ann faoi Anglo Irish, na ciorcail órga, na hiasachtaí rúnda agus fadhbanna an chórais baincéireachta..
Ar Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair 2008, bhí Lenihan ag na rásaí capall i bPáirc Ghabhráin, Cill Chainnigh agus an ghéarchéim airgeadais ina thine bhruite ar fud an domhain. Bhí Banc Ceannais Eorpach ag iarraidh dul i dteagmháil leis agus é thar a bheith míshásta le scéim ráthaíochta na mbanc. Ach ní raibh Lenihan le fáil chun labhairt le Jean-Claude Trichet ar an lá sin.
Tháinig an ghéarchéim chun cinn ar an 29/30 Meán Fómhair.
Ag cruinniú comh-aireachta, chinn Rialtas na hÉireann teacht i gcabhair ar bhainc chomhlachais na tíre a bhí sna croití deireanacha, agus luach €440 billiún i gceist le scéim ráthaíochta na mbanc. D'fhógair an rialtas go mbeadh sé ag teacht isteach barántas iomlán na mbanc ar an 30 Meán Fómhair 2008.
Níos déanaí, cuireadh na scórtha billiún d’fhiacha na mbancanna ar phobal na tíre. Ní raibh aon chuntas scríofa cruinn cuimsitheach ann, nó taifeadadh, faoin méid a tharla ann, agus níl sé soiléir cén tionchar a bhí ag Lenihan agus Cowen ar an gcinneadh.
Is léir go raibh scaoll i gceist ag an chruinniú sin agus eagla ann nach n-osclódh na bainc an mhaidin dár gcionn. Ach b'fhéidir nach raibh gá le barántas iomlán; ba leor ráthaíocht pháirteach.
Tháinig feabhas gó díreach ar na margaí ar 30 Meán Fómhair ; tháinig na hinfheistíochtaí ar ais (ó Londain an chuid is mó). Dúirt an tAire Airgeadais, Brian Lenihan gur tubaiste ollmhór a bheadh i dteip aon bhanc anseo a chuirfeadh deireadh le trádáil sa tír. Tháinig ardú 4% go díreach ar an méid is fiú na scaireanna ar innéasc an ISEQ.
Fait accompli a bhí ann, nó cambheart (nó sin a cheap an rialtas b'fhéidir). Bhí iontas agus fearg ar an Aontas Eorpach, an BCE agus Rialtas na Breataine go háirithe. Níor cuireadh i bhfeidhm barántas iomlán in aon tír eile san am sin.
Thar lear, i dTeach na nIonadaithe i Washington DC ar an 29 Meán Fómhair, theip ar an bplean tarrthála a bhí curtha i dtoll a chéile do na bancanna agus a raibh tacaíocht láidir an Uachtaráin Bush aige. Cheap na feisirí i dTeach na nIonadaithe go raibh an plean róchostasach do na cáiníocóirí.
Ar an Mór-Roinn, chuaigh rialtas na Beilge agus na Fraince i gcabhair ar chomhlacht bainicéireachta, Dexia, a bhfuil fadhbanna airgid aige.
Ar 1 Deireadh Fómhair 2008, tugadh an Bille um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) isteach sa Dáil, an reachtaíocht a thug cumhacht don Stát dul i mbannaí ar thaiscí i mbainc Éireannacha. Dúirt an freasúra go raibh a thuilleadh eolais ag teastáil uathu. Ar 2 Deireadh Fómhair, shínigh an tUachtarán an reachtaíocht. Bhí an Banc Ceannais Eorpach agus an tAontas Eorpach i gcoinne an dlí, ach bh an rialtas sásta an milleán a chur orthu sa bhliain 2010, agus sceilpíní gabhair a dhéanamh díobh, nuair a tháinig laghdú tubaisteach ar mhaoiniú an Stáit.
Ag breathnu siar, rinneadh faoi ródheifir é. .Pléann an tuarascáil Nyberg (lch79) na roghanna ag an am. Ní raibh gá le deifir, mar bhí an maoiniú ina gceart arís. Neartaigh an fógra leachtacht mhargaidh go díreach agus bhí an líonrith thart.
Ina theannta sin, thug na téarmaí sa Bhille buntáistí do na sealbhóirí bannaí. Ní raibh aon slí amach as an mbarántas don rialtas, rud a bhí neamhghnách amach is amach.
Agus ailse an phaincréis air (nocht TV3 an scéal i Nollaig 2009), lean Lenihan ar aghaidh mar aire airgeadais.
In 2009, nuair a chuir an ghéarchéim isteach go tubaisteach ar eacnamaíocht - agus sochaí - nach raibh ag súil leis, roghnaigh Lenihan an t-eacnamaí clúiteach Colm McCarthy chun sraith de chiorruithe a mholadh (Bord Snip Nua, mar a tugadh air).
Sa bhliain 2009, d’fhógair Lenihan córas nua táillí uisce; ní raibh dream ar bith i bhfách leis agus rinneadh an polasaí a fhreaschur níos déanaí.
Tar éis dhá bhliain ag dul i ngleic leis an ghéarcheim airgeadais, tharls géarchéim eile sa bhliain 2010. Tháinig laghdú tubaisteach ar mhaoiniú an Stáit. Ag pointe amháin, bhí deacrachtaí ag Rialtas na hÉireann infheisteoirí a mhealladh agus rátaí úis os cionn 10%.
Bhí ar an Rialtas agus Brian Lenihan glacadh le scéim tarrthála, faoi réir coinníollacha áirithe, ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ón Aontas Eorpach ag deireadh na bliana 2010, rud a tharraing conspóid ollmhór sa tír.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Géarchéim bhaincéireachta na hÉireann, 2008, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.