Cumadóir Iodálach ba ea Ennio Morricone (a rugadh ar 10 Nollaig 1928 sa Róimh agus a d'éag ar 6 Iúil 2020, in aois 91 bliain dó).
Chum sé ceol do bhreis is 400 scannán.
Bhí cáil ar Morricone mar gheall ar an gceol a chum sé do scannáin cosúil le ''A Fistful of Dollars'' agus ''The Good, the Bad and the Ugly''. Go minic, titeann nótaí díchordacha Ennio Morricone anuas ar a chéile sa réamhcheol, tuar tréan na n-imeachtaí atá le teacht. Sa scannán, "La Battaglia Di Algeri" (1966), bhain sé úsáid as ceol traidisiúnta ó thús deireadh. Is é Morricone a chum na ceoltéamaí áille, allúracha do scannáin Leone.
Bhuaigh Morricone gradam Oscar i 2016 don cheol a chum sé don scannán ''The Hateful Eight''. Bhuaigh sé gradaim Grammy agus Golden Globe dá chuid oibre chomh maith.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ennio Morricone, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.