Ealaíontóir agus scríbhneoir Ceanadach ab ea Emily Carr (13 Nollaig 1871 – 2 Márta 1945), agus a saothar go mór faoi anáil Bhundúchasaigh Chósta Thiar Thuaidh Cheanada.
Bhí Carr ar na chéad phéintéirí i gCeanada dár chuaigh le stíl na nua-aimsearthachta agus an iar-impriseanachais. Níor tugadh mórán aitheantais do shaothar Carr go dtí a blianta déannacha. De réir mar a chuaigh sí in aibíocht mar ealaíontóir, d'iompaigh sí ó théamaí bundúchasacha ar thírdhreacha, radhairc coille go háirithe. Mar scríbhneoir, ba luathchroinicí í de shaol na Colóime Briotanaí; "íocón Ceanadach" a thugann The Canadian Encyclopedia uirthi.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Nollaig 1871 Victoria, British Columbia |
Bás | 2 Márta 1945 73 bliana d'aois Victoria, British Columbia |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Áit adhlactha | Ross Bay Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Académie Colarossi (1910–1911) Westminster School of Art (en) (1899–1901) Ardscoil Victoria Institiúid Ealaíne San Francisco Académie de La Palette (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht |
Suíomh oibre | Vancouver An tSualainn Londain Páras Victoria Ceanada |
Gairm | péintéir, criadóir, scríbhneoir, dírbheathaisnéisí, ealaíontóir |
Ball de | |
Seánra | Ealaín tírdhreacha |
Gluaiseacht | Eispriseanachas agus French modernism (en) |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | emilycarr.com |
Rugadh Emily in Victoria, sa Cholóim Bhriotanach, sa bhliain 1871, an bhliain chéanna a rinneadh cuid de Cheanada den chúige. An dara páiste ab óige de naonúr a bhí inti. Sasanaigh ab ea a tuismitheoirí Richard agus Emily (Saunders) Carr.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Emily Carr, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.