An tríú polaiméir phlaisteach shintéiseach is mó a tháirgtear ar domhan (i ndiaidh poileitiléine agus polapróipiléine) is ea clóiríd pholaivinile (mar mhalairt air sin: i gcóras AIGCF pola(1-clóireitiléin ) Déantar thart ar 40 milliún tonna de CPV a tháirgeadh gach bliain.
Bíonn dhá fhoirm bhunúsacha ag CPV: dolúbtha (giorraithe uaireanta mar CPVD) agus solúbtha. Úsáidtear CPV, sé sin an fhoirm dholúbtha, san fhoirgníocht le haghaidh píopaí agus in go leor feidhmeanna praiticiúlaeile amhail doirse agus fuinneoga a mhonarú. Úsáidtear í freisin chun buidéil, pacáistiú neamhbhia, leatháin cumhdaigh bia, agus cártaí a dhéanamh (mar shampla cártaí bainc nó ballraíochta). Is féidir í a dhéanamh níos boige agus níos solúbthaí trí phlaisteachán a chur leis, agus is iad na taláit na cinn is mó a bhaintear úsáid as. San fhoirm seo, úsáidtear í freisin i bpluiméireacht, insliú cábla leictreach, leathar bréige, urláir, comharthaíocht, ceirníní, táirgí inséidte, agus go leor feidhmeanna ina gcuirtear í in ionad rubair.. Le cadás nó línéadach, úsáidtear í i dtáirgeadh chanbháis. CH2=CHCl
Substaint cheimiceach | type of polymer (en) |
---|---|
Ainm gearr | PVC agus ПВХ |
Struchtúr ceimiceach | |
Airí | |
Dlús | 1.39 g/cm³ (a 20 °C, solad) |
Pointe leáite | 200 °C |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Clóiríd pholaivinile, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.