Banríon ab ea Cléópátra VII Philopator (as Gréigis, Κλεοπάτρα Φιλοπάτωρ; 69 RCR.
– 30 RCR). Rialaigh sí an tSean-Éigipt in aice lena hathair, agus ansin lena deartháireacha, agus sa deireadh ina haonar.
De réir nós na nÉigipteach, bhí Cléópátra pósta ar a deartháir. Bhí caidreamh collaíochta aici le hIúil Caesar nuair a thaisteal sé go dtí an Éigipt sa bhliain 48 RCR, áfach. Rugadh mac di le Caesar, ar ar bhaist sí an t-ainm Caesarion, agus bhí Caesar sásta an atharthacht a admháil. Mar sin féin, níor fhág sé aon oidhreacht ag Caesarion ina thiomna.
Ní rithfeadh leis riamh Cléópátra a phósadh, ach an oiread, nó bheadh a chnaipe déanta mar pholaiteoir sa Róimh dá bpósfadh. Tar éis a bháis, bhí triúr páiste ag Cléópátra in éineacht le Marcas Antaine. Nuair a bhuaigh Octáivian orthu ag cath Actium, theith Cléópátra.
Fuair Antaine bás faoina lámh féin agus deirtear gur sháigh sé é féin sa bholg lena chlaíomh gearr Rómhánach.
Chuir Cléópátra lámh ina bás féin freisin. Níor mhínigh a lia a cúis báis ach de réir na tuairime choitianta, lig sí d'asp nó cobra í a priocadh. Is léir gur mharaigh Octáivian Caesarion, in aois ocht mbliana déag dó agus é ag teitheadh sa bhliain chéanna.
Níor thángthas ar thuama Chléópátra riamh.
Is síol faoin Afraic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cléópátra, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.