Ba é Charles X (9 Deireadh Fómhair 1757 – 6 Samhain 1836) Rí na Fraince agus Navarra ó 1824 anuas go dtí Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1830, nuair a d'éirigh sé as an gcoróin.
Nuair a cailleadh Louis XVIII sa bhliain 1824, ba é Charles X, deartháir leis (agus deartháir le Louis XVI), a tháinig i gcomharbacht air.
Tugtar Athghairm na mBúrbónach ar an tréimhse 1815-1830 i stair na Fraince. Mar réimeas bhí sí thar a bheith choimeádach.
Nuair a tharla Réabhlóid Iúil sa bhliain 1830, baineadh an choróin de Charles, agus gaireadh gaol eile i bhfad amach uaidh, Louis Philippe, ina rí. Tháinig Louis Philippe I as Ríshliocht Orléans, i gcomharbas ar Charles X (i réim ó 1830 go dtí Réabhlóid na Bliana 1848).
Ba é Charles rí Búrbónach deireanach na Fraince. Bhí air imeacht ar deoraíocht, Sasana ar dtús, ansin Albain agus an Ostair. Fuair sé bás truamhéalach i nGörz ar 6 Samhain 1836 (cuid den Impireacht na hOstaire agus na hUngáire ag an am, inniu san Iodáil).
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Charles X na Fraince (1757-1836), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.