Is teideal é diúc a thugtar ar mhonarc fireann atá i gceannas ar dhiúcacht, nó ar bhall de theaghlach ríoga nó uasal.
Mar rialtóir, rangaítear diúc níos ísle ná impirí, ríthe, ardphrionsaí, ard-diúic, agus prionsaí ceannasacha. Mar theideal uasal, rangaítear diúc níos ísle ná prionsaí agus ard-diúic. Tagann an teideal ón bhFraincis duc, é féin ón Laidin dux, “ceannaire”, téarma a d'úsáidtí sa Róimh Phoblachtach ar cheannasaí míleata gan céim oifigiúil (go háirithe duine de bhunadh Gearmánach nó Ceilteach), agus níos déanaí ar cheannasaí míleata ar chúige. Is í bandiúc leathbhreac baineann an téarma “diúc”.
Institiúid | diúcacht |
---|
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Diúc, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.