Fisicí is ceapadóir a saolaíodh i nGloucester Shasana ab ea Charles Wheatstone (6 Feabhra 1802 – 19 Deireadh Fómhair 1875).
Cheap sé an consairtín i 1829, agus fuair paitinn don teileagraf leictreach i 1837. Cheap sé formhéadaitheoir fuaime agus thug micreafón air. Rinne sé taighde ar chiorcaid leictreacha, tomhas friotaíochta, agus dathanna is radharc na súl. Ní hé a cheap droichead Wheatstone, a úsáidtear chun friotaíochtaí a chur i gcomparáid le chéile is a ainmníodh as, ach léirigh sé a áisiúlacht is chuir chun cinn é go mór.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Charles Wheatstone, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.