Ealaíontóir Iodálach ab ea Michelangelo Merisi (Michele Angelo Merigi nó Amerighi) da Caravaggio (29 Meán Fómhair 1571 – 18 Iúil 1610), a bhí gníomhach sa Róimh, Napoli, Málta agus sa tSicil idir 1592-1595 agus 1610.
Ainm sa teanga dhúchais | (it) Michelangelo Merisi da Caravaggio |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (it) Michelangelo Merisi 29 Meán Fómhair 1571 (Féilire Ghréagóra) Milano (Impireacht na Spáinne) |
Bás | 18 Iúil 1610 38 bliana d'aois Porto Ercole (Ríocht Napoli) |
Áit adhlactha | Porto Ercole |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Iodálaigh |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht |
Suíomh oibre | An Róimh Genova Messina Milano Palermo Sioracús, an tSicil Napoli Vaileite Zagarolo Paliano |
Gairm | péintéir |
Seánra | Péintéireacht seánra, péintéireacht reiligiúnda agus ábhar neamhbheo |
Gluaiseacht | Barócach agus Frith-Reifeirméisean |
Catalogue raisonné | Caravaggio Studies (en) |
Mac/iníon léinn de chuid | Simone Peterzano |
Teangacha | An Iodáilis |
Pátrún | Francesco Maria del Monte (en) |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Fermo Merixio agus Lucia Aratori |
Gradam a fuarthas | |
Chuir Caravaggio go mór leis an phéintéireacht le linn am Ré Bharócach.
Tá pictiúr clúiteach dá chuid, Gabháil Chríost, i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBailte Átha Cliath. Tháinig saineolaí - Sergio Benedetti - ar an phictiúr de thaisme sa bhliain 1990,agus é i lochta tí de chuid Ord na nÍosánach i mBaile Átha Cliath. Bhí dearmad déanta ag an ord agus ag gach aon duine eile de. Tá an pictiúr ar taispeáint anois sa dánlann agus luach thar luach air.
Ba phéintéir réabhlóideach é Caravaggio le meon lasánta agus a obair a chuaigh i bhfeidhm go hollmhór ar ghlúin iomlán ealaíontóirí.
Bhí sé aitheanta mar mháistir críochnúil de chiaroscuro, a chiallaíonn “éadrom-dorcha” go liteartha in Iodáilis. Tagraíonn an téarma den chothromaíocht de thuineacha éadroma agus dorcha i saothar agus go háirithe i gcás cumas an ealaíontóra chun scáthanna a láimhseáil.
Bhí tionchar nach beag ag Caravaggio ar dhearcadh aeistéitiúil na hEaglaise Frith-Reifirméisean leis, go háirithe le pictiúir chlúiteacha ar nós Iompú Naomh Pól agus an Suipéar ag Eamáús.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Caravaggio, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.