Amhrán cráifeach drámatúil is ea Caoineadh na dTrí Mhuire, i bhfoirm chomhráite idir Muire, Naomh Peadar agus Íosa ar an gcrois.
Ní heol go beacht cé hiad na trí Mhuire, ach is cinnte gur Muire, máthair Íosa, duine díobh.
Cineál | amhrán |
---|---|
Taibheoir | Iarla Ó Lionáird agus Seosamh Ó hÉanaí |
Baineann an t-amhrán le spioradálacht na ndaoine seachas spioradáltacht fhoirmiúil na hEaglaise. Tá an focal olagóin 'ochón' ag rith tríd. Tá uafás na fulaingthe agus dó chas an Aiséirí le brath air.
Is cuid de thraidisiún leathan amhrán é (ar amhráin Laidine iad i dtús aimsire) a bhaineann le haimsir na Cásca agus a dhéanann cur síos ar pháis Chríost. Téann an traidisiún seo siar go dtí na meánaoiseanna ar a laghad. Ní fios cé a chum.
Seans gur bhain an Caoineadh le dráma diaga de chuid na meánaoiseanna. Bhíodh sé de nós ag mná caointe i dtuaisceart Éireann páirt na dtrí Mhuire a ghlacadh agus iad ag rá an amhráin seo ag sochraidí.
Bíonn móitífeanna Eorpacha agus Éireannacha measctha ins na hamhráin seo in Éirinn .
Bhíodh leaganacha de coitianta tríd an tír, agus bhí roinnt díobh á mbailiú ó thús an fichiú céad.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Caoineadh na dTrí Mhuire, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.