Is crann beag síorghlas é cainéal (Cinnamomum verum), arbh as Srí Lanca é ó dhúchas.
Déantar spíosra de choirt an chrainn. Glaoitear cainéal ar seo freisin.
Bunús | |
---|---|
Dáta cruthaithe | 2000 "RCh" |
Gastranómachais | cócaireacht na Tuirce agus Catalan cuisine (en) |
Táirgeoir | Canelita |
Sonraí | |
Cineál | spíosra |
Príomh-chomhábhair | rúsc |
Tá crainn cainéal 10-15 meadar ar airde. Tá cruth uibheach ar na duilleoga, 7–18 cm ar fhad. Tá na bláthanna eagraithe i bpanacal, tá dath glas orthu agus tá boladh faoi leith orthu. Tá caor beag corcra mar thoradh ar an gcrann. Bíonn síol amháin sa chaor.
Is é cainéal ceann de na spíosraí is mó a bhaineann daoine taitneamh as. Tá éileamh ollmhór air ar fad an domhain. Tá blas milis air agus dá bharr cuirtear ar bhia milis é de ghnáth. Critheann daoine cainéal ar bharr caife, ar chístí, ar bhreachtán, uachtar reoite agus ar a lán milseoga eile. Mar aon le sin, is maith le daoine é a mheascadh le sú úill te agus é a ól um Nollaig nó sa gheimhreadh.
Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cainéal, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.