Cainéal nuachta Meiriceánach teilifíse agus satailíte is ea The Cable News Network (Líonra Cábla Nuachta) nó CNN mar is fearr aithne air.
Is é Turner Broadcasting System, cuid de Time Warner, úinéir an chainéil. Cainéal cábla nuachta 24 huaire atá ann. Ted Turner a bhunaigh CNN sa bhliain 1980. B'é an chéad chainéal teilifíse a chuir nuacht ar fáil 24 huaire a chloig sa lá, agus an chéad chainéal lán-nuachta sna Stáit Aontaithe.
Tá ceanncheathrú CNN suite in Atlanta, Georgia, ach craoltar ó áiseanna de chuid an chainéil i gCathair Nua-Eabhrac, Washington, D.C. agus Los Angeles.
Na manaí atá acu ná "Go there", "The Most Trusted Name in News", agus "This is CNN".
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article CNN, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.