An cóiméad ba mhó ghile le 400 bliain, agus a núicléas 40 km ar trastomhas.
Ní fhacthas an cóiméad seo ó 2,600 bliain RC, timpeall an ama a bhí na pirimidí á dtógáil san Éigipt. Ach ó Mhárta-Aibreán 1997 bhí sé soiléir geal sa spéir ó thuaidh. Bhí sé ag a íosfhad ón Domhan, 200 milliún km, ar 22 Márta. Ainmníodh é as beirt Mheiriceánach, Alan Hale is Thomas Bopp, a d'fhionn é i 1995. Ina dhiaidh sin ionannaíodh é le híomhá a thóg teileascóp Schmidt i Siding Springs na hAstráile i 1993. Ní fhillfidh sé don chuid seo den Ghrianchóras go ceann 2,400 bliain eile.
Cóiméad Hale-Bopp | |
---|---|
Cineál | cóiméad agus cóiméad neamhpheiriadach |
Fionnachtaí | Alan Hale Thomas Bopp |
Dáta fionnachtana | 23 Iúil 1995 |
Réad tuismitheora | An Ghrian |
Aois | 15 Meán Fómhair 2022 |
Sonraí fithiseacha | |
Féach ar an staid reatha | |
Apaipsis | 353.97623 AU |
Pearaipsis | 0.89054 AU (arg (ω): 130.591) |
Ais mhór a | 177.43338391176 AU |
Éalárnacht e | 0.99498100276332 |
Tréimhse fhithiseach P | 863,279.50348703 d |
Meán-Aimhrialtacht M | 3.87839 ° (15 Meán Fómhair 2022) |
Claonadh i | 89.4 ° 89.287594247403 ° |
Fad an nóid éirithigh Ω | 282.47 ° agus 282.73342139616 ° |
Dátaí pearaipsise | 1 Aibreán 1997 |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Trastomhas | 60 km |
Dearbhmhéid | 4.8 |
Ailbéideacht | 0.04 (ailbéideacht gheoiméadrach) |
Catalóga réalteolaíochta | |
Aitheantóir JPL | 1000132 |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cóiméad Hale-Bopp, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.