Aicme shóisialta atá sainmhínithe go socheolaíochta é an bourgeoisie, atá comhionann leis an mheánaicme nó leis an mheánaicme uachtarach.
Déantar idirdhealú idir iad agus an phrólatáireacht (nó an chosmhuintir) de bharr a saibhreas coibhneasta, agus a gcaipiteal cultúrtha agus airgeadais. Roinntear é uaireanta ina mion (petite), meán (moyenne), mór (grande), uachtair (haute), agus ársa (ancienne) bourgeoisie, (i dteannta a chéile tugtar “an bourgeoisie” orthu).
Bíonn an bourgeoisie, sa chiall bhunaidh, bainteach go dlúth le cathracha a bheith ann, agus aithnítear é mar sin de réir a chairteacha uirbeacha (m.sh. cairteacha bardasach, pribhléidí baile, dlí baile na Gearmáine), agus mar sin ní raibh aon bourgeoisie eile ann seachas saoránaigh na gcathracha. Tháinig tuathánaigh faoi chóras dlí eile.
San fhealsúnacht Mharxach, is é an bourgeoisie an aicme sóisialta a tháinig chun bheith ina n-úinéirí ar na modhanna táirgthe le linn an tionsclaithe chomhaimseartha agus bartha orth faoi luach na maoine agus caomhnú an chaipitil, chun a bhforlámhas eacnamaíoch a chinntiú sa tsochaí.
Thug Joseph Schumpeter faoi deara ghnéithe nua a ionchorprú san bhourgeoisie, sé sin fiontraithe a ghlac rioscaí chun nuálaíocht a thabhairt do thionscail agus don gheilleagar trí phróisis ar a dtugtar 'díothú cruthaitheach', mar fhórsa tiomána an innill chaipitlíoch.
Tháinig an focal Fraincise Nua-Aimseartha bourgeois' ón tSean-Fhraincis 'burgeis' (cathair faoi bhallaí), a dhíorthaigh ó bourg (baile margaidh), ó seanteanga na bhFranc 'burg' (baile);
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Bourgeoisie, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.