Ba scríbhneoir clúiteach i nGearmáinis é Stefan Zweig (a rugadh ar an 28 Samhain 1881 i Vín agus a d'éag 22 Feabhra 1942 sa Bhrasaíl).
De bhunadh na hOstaire ba ea é, Giúdach, fear léannta, agus duine de na daoine sin a chonaic uafáis an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda. Chuir sé féin agus a chéile mná, Lotte, lámh ina mbás féin sa bhliain 1942 ar mhéid a n-éadóchais, creidtear.
Ba den bourgeoisie Víneach é, sách rachmasach. Thart ar chasadh an chéid, bhí Vín ar cheann de chathracha úd na gcéadfaí, agus bhain na tithe caife go dlúth leis sin. ‘B’fhusa a bheith i d’Eorpach anseo ná in aon áit eile,’ a scríobh Zweig, agus mhínigh sé go raibh príomhnuachtáin na hEorpa ar fad sna tithe caife, ‘chomh maith le móririsí liteartha agus cultúir an domhain uile.’ Na tithe caife is mó a chuir dlús le héagsúlacht intleachtach Vín, a bhraith sé.
Bhí cónaí ar Zweig ó 1919 go 1934 i Salzburg san Ostair.
Bhí saol cruthaitheach scríbhneoireachta thar a bheith torthúil aige agus ráchairt mhór ar a chuid scríbhneoireachta sna 1920idí agus 1930idí. Chuir sé idir dánta, gearrscéalta, úrscéalta, drámaí agus sleachta stairiúla i bhfoirm beathaisnéisí i gcló. Bhí lámh aige i bhforbairt an teach foilseacháin Insel-Verlag.
Giúdach ab ea Zweig agus theith sé lena anam as an Ostair sular cuireadh bac ar dhaoine imeacht. Chuaigh sé go dtí Sasana, i dtús. Ansin chaith sé achar gairid i Nua-Eabhrac sular chuir sé faoi sa Bhrasaíl.
Agus é ar deoraíocht sa Bhrasaíl de bharr na Naitsithe, tháinig dúlagar air. Ainneoin an fháilte a chuir údaráis na Brasaíle roimhe ghéill sé don éadóchas. Shíl sé gur parthas iar-chiníoch a bhí sa Bhrasaíl.
Sa bhliain 1942, agus dóchas caillte aige sa chine dhaonna, i bhfianaise an uafáis bhí ar siúl san Eoraip chuir sé féin agus a bhean chéile lámha ina mbásanna féin.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Stefan Zweig, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.