Is éard is barbatúráit ann ná druga a dhíorthaítear ón aigéad barbatúrach, a ullmhaíodh den chéad uair ar Lá Fhéile Bhairbre 1863, deirtear.
Tugadh barbatón isteach sa mhíochaine i 1903, agus féanabarbatón i 1912.
Sonraí cliniciúla | |
---|---|
Grúpa cógaseolaíochta | pirimidín |
Tá suas le 50 barbatúráit a úsáideadh uair éigin mar shuaimhneasáin, piollairí codlata, agus drugaí frith-thitimeacha. Ar an drochuair, de réir mar a thógtar iad méadaíonn acmhainn duine orthu, agus ní mór an dáileog a mhéadú le feabhas a fháil, ach tá siad nimhiúil i ndáileoga móra, agus cuirtear andúil iontu.
Faoi seo tá beansóidiasaipín curtha ina n-ionad mar shuaimhneasán is piollaire codlata níos sábháilte.
Shlog Marcel Proust siar barbatúráití i ndeireadh a shaoil.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin chógaiseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Barbatúráit, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.