Argón

Is é an t-argón dúil cheimiceach uimhir a 18, agus is é an tsiombail cheimiceach atá aige ná Ar.

Is triathghás é, agus é i bhfad níos coitianta sa dúlra ná na triathgháis eile, nó is é an céatadán atá aige ná 0.934 % den atmaisféar (de réir na toirte, níos mó ná a haon faoin gcéad de réir an mheáchain). Mar is dual do na triathgháis, tá ochtréad iomlán de leictreoin ar an sceall is faide amuigh aige, rud a chiallaíonn nach bhfuil gá aige le himoibriú a dhéanamh ná naisc a cheangal leis na dúile eile. Is féidir dul i dtuilleamaí an fhluairín le comhdhúile argóin a chruthú, ach bíonn na comhdhúile seo an-éagobhsaí. Tugann áirimh theoriciúla le fios gur chóir go mbeadh comhdhúile áirithe ag an argón a bheadh cobhsaí, fiú le gnáth-theocht an tseomra, ach níor éirigh le haon cheimiceoir na comhdhúile teoiriciúla seo a shintéisiú. Úsáidtear teocht tríphointe an argóin (83.8058 K) mar chaighdeán ar scála idirnáisiúnta na teochta ón mbliain 1990 i leith.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachArgón
Argón
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus gás
Argón sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachAr
Uimhir adamhach18
Mais adamhach39.95
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ agus [Ne] 3s² 3p⁶
Peiriad, Grúpapeiread 3
triathgháis
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe−189.34
Fiuchphointe−185.85
Stair
AimsitheoirWilliam Ramsay agus An Tiarna Rayleigh
Fionnachtain1894
Eapainmleisciúlacht
Argón

Tá trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, 40Ar (99.604 % d'argón an dúlra), 38Ar (0.063 %), agus 36Ar (0.334 %). Is toradh do bheite-mheath radaighníomhach an iseatóip úd 40K den photaisiam é an t-iseatóp is coitianta de chuid an argóin.

Baintear úsáid as argón i bhfoirm leachta i gcrió-mháinliacht - is é sin, cuisnítear na cealla ailse le hargón fuar. Is é an t-argón an triathghás is coitianta agus an ceann is saoire, nó faightear mar sheachthoradh é nuair a bhítear ag scaradh na nítrigine agus na hocsaigine le chéile. Mar sin, is é an triathghás is mó a úsáidtear, fiú le freastal ar riachtanaisí a mbeadh triathghás éigin eile ní b'fhóirsteanaí dóibh.

Tagairtí

Tags:

1990ComhdhúilDúil cheimiceachTriathghásUimhir adamhach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

h102yOspidéalMao ZedongRiail dhíreach (Tuaisceart Éireann)MicrosoftToraighOrd (bitheolaíocht)Sausage PartyGaeilgeAn GhaeilgeDiarmuid Ua DuibneCaitlín Bean Uí ChléirighHéaród MórAoibhinn Beatha an ScoláireMarwan MakhoulFarraigeAn TatarstáinAn ChasacstáinUnder ArmourFragarachBogearraí saoraLiam III Shasana13 SamhainSeoirse I na Breataine Móire2 LúnasaAn ÍoslainnFeabhraAurora, IllinoisAn Ghaeilge i dTuaisceart ÉireannLitriú na GaeilgeCúige LaigheanBitheolaíochtNaomh ColmánErc Dhál RiadaGlen Rose, Texas2020CúbaCeolCeirtlisStiofán Ó Cualáin (amhránaí)Eolaíocht nádúrthaNua-Eabhrac (cathair)Contae Karnes, TexasMeitreo MhoscóPrótacal Aistrithe HipirtéacsGeoiméadrachtPádraig Mac SuibhneCharles TrevelyanVicíClem ChristesenHamiltonGníomhaíocht na nOibrithe agus na nDífhostaitheAn AstráilAn ÁiseMóimint mhaighnéadachAonaid amaCoireanna cogaidh na BreataineDermot O'LearySeoirse III na Breataine Móire agus na hÉireannSufraigéidGrian-amTrasfhoirmeoir (ailtireacht domhainfhoghlama)LeBron JamesEinsímEinceifilimialíteas miailgeachTorna ÉicesOla na Mara Thuaidh🡆 More