Scrúdú poiblí sinsearach dara leibhéal i bPoblacht na hÉireann is ea an Ardteistiméireacht, nó Scrúdú na hArdteistiméireachta.
Bíonn sí á stiúradh ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit.
Roghnaíonn an chuid is mó de scoláirí na hArdteistiméireachta an Ardteistiméireacht Bhunaithe. Is clár 2 bhliain é an Ardteistiméireacht Bhunaithe. Tá réimse leathan ábhar ar fáil ann.
Déantar staidéar ar na hábhair go hiondúil ag gnáthleibhéal nó ardleibhéal. Is féidir staidéar a dhéanamh ar dhá ábhar (Matamaitic agus Gaeilge) ag bunleibhéal. Tá an bunleibhéal bunaithe ar riachtanais scoláirí a mbeadh deacracht acu leis an gnáthleibhéal nó ardleibhéal sna hábhair sin.
Go hiondúil déanann scoláirí staidéar ar 6 nó 7 ábhar sa tSraith Sinsearach. Caithfidh siad 5 ábhar ar a laghad, Gaeilge san áireamh a roghnú le haghaidh na Ardteistiméireachta Bunaithe.
Déantar an Ardteistiméireacht bhunaithe a mheasúnú le scrúdú scríofa ag deireadh an chláir 2 bhliain. Tá scrúduithe praiticiúla agus obair thionscadail i gceist in ábhair áirithe mar shampla Ealaíon, Staidéar Foirgníochta agus Innealtóireacht. Tá béaltrialacha ann sa Ghaeilge agus i dteangacha na Mór-Roinne. Tarlaíonn na scrúduithe praiticiúla agus na béaltrialacha i rith bliana deiridh an chláir.
Bíonn an scrúdú scríofa ann i Mí an Mheithimh gach bliain.
Gach bliain ar an dara Céadaoin de Lúnasa, bíonn na torthaí ar fad ar fáil ar líne (examinations.ie) ó uair an mheán-lae, ach i bpearsan ó na scoileanna ó 09.00 ar maidin.
Tá 8 ngrád ag an scála, an grád is airde ná Grád 1, agus an grád is ísle ná Grád 8.
Tagann an scála grádaithe nua de 8 bpointe in áit an scála 14 pointe ag Ardleibhéal agus Bunleibhéal araon.
Roinntear marcanna idir 100% go 30% i seacht rann gráid (1-7). Tá gach rann 10% leathan.
Cinneann an tAire Oideachais, a fhaigheann comhairle ón Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an curaclam do scoileanna na hÉireann.
De réir taighde ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, is ag brath ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair agus an tabhairt chun cuimhne a bhíonn daltaí na hArdteiste seachas a bheith ag réiteach fadhbanna as a stuaim féin. Mar sin, is beag tástáil a dhéantar i scrúdú na hArdteiste ar scileanna a bhaineann le réiteach fadhbanna, smaointeoireacht chriticiúil agus cruthaitheacht.
Tá na hábhair atá liostaithe thíos ar fáil do mhic léinn Ardteistiméireachta, cé nach n-ofrálann formhór na scoileanna ach líon teoranta. Tá na hábhair i gcúig ghrúpa, agus baineann formhór na n-ábhar le grúpa amháin.
Teangacha neamh-churaclaim Ní féidir na teangacha seo a leanas a thógáil ach amháin má tá an mac léinn ó bhallstát den Aontas Eorpach, má labhraíonn sé/sí an teanga ina roghnaíonn sé/sí a bheith curtha faoi scrúdú mar mháthairtheanga, gur lean sé/sí clár staidéir as a dtáinig an Ardteistiméireacht agus má tá sé/sí ag tógáil English san Ardteistiméireacht freisin. Coinníoll eile is ea gur féidir le hiarrthóir scrúdú a dhéanamh in ábhar teanga neamh-churaclaim amháin.
Matamaitic
Eolaíochtaí saotharlainne
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ardteistiméireacht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.