Is ollscoil atá suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath í Ollscoil Chathair Átha Cliath nó OCBÁC (Béarla: Dublin City University nó DCU).
Freastalaíonn thart ar 10,000 mac léinn uirthi. Is é uachtarán na hollscoile an tOllamh Ferdinand von Prondzyski.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | ollscoil | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1975 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Cumann Eorpach na nOllscoileanna International Federation of Library Associations and Institutions (en) Coalition for Advancing Research Assessment (en) ORCID YERUN International Council for Open and Distance Education (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Suíomh gréasáin | dcu.ie | ||||
Cruthaíodh an institiúid in 1975;,ar 18 Meitheamh 1975 toghadh an Dr Danny O'Hare mar stiúrthóir.
Tháinig na chéad mic léinn isteach i 1980. Bunaíodh an ollscoil in 1980 faoin ainm An Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath nó National Institute for Higher Education, Dublin (NIHE) as Béarla, mar chuid den Fhoras Náisiúnta um Ard-Oideachas, in éineacht le hinstitiúid eile i Luimneach. Tugadh stádas ollscoile di in 1989 agus athbhaisteadh í.
Tá leabharlann, lárionad taighde agus innealtóireachta, stiúideonna teilifíse agus fuaime, saotharlanna ríomhaireachta, saotharlanna teanga agus ateangaireachta, rannóg físchomhdhála, saotharlanna cló agus grafaicí ann. Chomh maith leis sin tá trí bhialann, ionad na mac léinn (The Hub) agus lóistín ar champas do 1,000 mac léinn. Tá ionad The Helix ann ón mbliain 2002.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.