Is í an Bhalúcastáin an cúige is mó de réir limistéar geografach sa Phacastáin, a chomhdhéanann thart ar 48% d'achar iomlán na tíre, sé sin, 40% den tír.
Thug an daonáireamh sa bhliain 1998 le fios go raibh daonra de thart ar 6.5 milliún aici. Tá an Bhalúcastáin níos boichte agus tá a dhaonra níos ísle ná an chuid eile den Phacastáin.
An Bhalúcastáin | |||||
---|---|---|---|---|---|
بلوچِستان (bcc) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Phacastáin | ||||
Príomhchathair | Quetta | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 13,162,222 (2014) | ||||
• Dlús | 37.91 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Phacastáin | ||||
Achar dromchla | 347,190 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1 Iúil 1970 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Balúcastáine` | ||||
Comhlacht reachtach | Provincial Assembly of Balochistan (en) | ||||
• Gobharnóir na Balúcastáine | Muhammad Khan Achakzai (2013–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | rúipí na Pacastáine | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | PK-BA | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | balochistan.gov.pk |
San iarthar, tá teorainn aici leis an Iaráin, sa tuaisceart leis an Afganastáin agus leis an Sarhad (Béarla: The North-West Frontier Province), san oirthear le Puinseáb agus leis an Sind. Ó dheas tá teorainn aici leis an Mhuir Arabach.
Is iad na teangacha is mó sa chúige ná an Bhalúcais(بلوچی), an Bhrahuis(بروہی), an Phaistis( پښتو) agus an tSindis(سنڌي ).
Is í Quetta (Paistis: ,کوټه Urdúis: کوئٹہ) a príomhchathair agus an t-aonú cathair atá aici, tá a bhailte agus a sráidbhailte eile tearcfhorbartha.
Is iad na Balúchaigh agus na Paistigh an dá ghrúpa eitneach is mór; tá an tríú grúpa ann freisin, grúpa eitneach atá measctha, is Sindigh iad den chuid is mó.
Tá an Bhalúchistáin saibhir in acmhainní mianraí; is é an dara soláthraí is mór, i ndiaidh na Sinde, de gháis nádúrtha.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Bhalúcastáin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.