Carachtar ficseanúil é Batman (Fear na nIaltóg as Gaeilge) a chonacthas an chéad uair sna greannáin Detective Comics i mí na Bealtaine 1939.
B'iad Bob Kane agus Bill Finger a chéadcheap an sárlaoch seo, ach is nós gan ach Kane a lua, ós rud é gurbh eisean a tharraing é.
Is é an fíorainm atá air ná Bruce Wayne. Gróintín saibhir é a bhfuil cónaí air i Mainéar Wayne, i gCathair Gotham, cathair shamhailteach agus í múnlaithe ar chathair Nua-Eabhrac ó thaobh na staire de, cé go bhfuil an t-atmaisféar níos duairce i nGotham.
Cuidíonn a chara is a leathbhádóir, Robin, leis, chomh maith lena ghiolla Alfred Pennyworth. Is é cúlra an scéil gur mharaigh coirpeach tuismitheoirí Bruce Wayne os comhair a shúl nuair a bhí sé ina bhuachaill óg, agus gur chinn sé ansin a shaol a thiomnú don troid in aghaidh na gcoirpeach.
Níl cumhachtaí neamhshaolta ag Batman mar a bhíonn ag an gcuid is mó de laochra osdaonna na gcoimicí Meiriceánacha, cosúil le Superman. Mar sin féin, fear an-láidir, an-chliste, an-aclaí atá ann. Caitheann sé púicín dubh a chuirfeadh Zorro i gcuimhne duit, chomh maith le culaith dhubh agus liath (an Batsuit) agus crios uirlisí. Tá gluaisteán speisialta aige chomh maith, an Batmobile, agus é á coinneáil i bhfolach sa Batcave, seomra rúnda faoi Mhainéar Wayne.
Tá cuid mhaith naimhde ag Batman, agus iad níos cumhachtaí ná a chéile. Ina measc tá Joker, Catwoman, Penguin, Two-Face, Riddler, Scarecrow, Mister Freeze, Poison Ivy, Ra's Al Ghul, agus Bane.
Is iomaí scannán agus sraith teilifíse a rinneadh faoi Batman.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Batman, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.