Aisteoir Astrálach óg mór le rá ba ea Heathcliff Andrew Ledger (4 Aibreán 1979 – 22 Eanáir 2008).
Bhain sé cáil amach i Hollywood mar gheall ar an bpáirt a bhí aige i scannáin amhail The Patriot, Monster's Ball, agus Brokeback Mountain (páirt a thuill ainmniúchán Oscair dó).
Sa scannán ’The Dark Knight de chuid Christopher Nolan, "bhain léiriú Heath Ledger an solas ón gceann feadhna Christian Bale" agus moladh mór faighte aige roimhe sin as beocht as an nua a chur i gcarachtar a measadh a bhí curtha go tóin poill. Bhain sé Oscar amach mar gheall ar a pháirt sa Dark Knight, an scannán deiridh a rinne Ledger sula bhfuair sé bás.
Bhí Ledger i mbun scannán nua a dhéanamh, Imaginarium of Doctor Parnassus, nuair a fuair sé bás. D'éag sé gan choinne i Manhattan, Nua-Eabhrac. Ceaptar go raibh ródháileog piollairí suain mar thrúig bháis.
Bhain Ledger Gradam an Acadaimh i mí Fheabhra, 2009, bliain i ndiaidh a bháis.
Scannáin | |||
---|---|---|---|
Bliain | Teideal | Ról | Nótaí eile |
1997 | Paws | Oberon | |
Blackrock | Toby | ||
1999 | 10 Things I Hate About You | Patrick Verona | |
Two Hands | Jimmy | Ainmniúchán ón AFI fá choinne gradam | |
2000 | The Patriot | Gabriel Martin | |
2001 | Monster's Ball | Sonny Grotowski | |
A Knight's Tale | Sir William Thatcher/ Sir Ulrich von Lichtenstein of Gelderland | ||
2002 | The Four Feathers | Harry Faversham | |
2003 | The Order | Alex Bernier | |
Ned Kelly | Ned Kelly | Ainmniúchán óna Australian Film Institute Awards | |
2005 | Casanova | Giacomo Casanova | |
Brokeback Mountain | Ennis del Mar | Ainmniúcháin Oscair Ainmniúchán Golden Globe Ainmniúchán BAFTA Ainmniúchán Screen Actors Guild | |
The Brothers Grimm | Jacob Grimm | ||
Lords of Dogtown | Skip Engblom | ||
2006 | Candy | Dan | |
2007 | I'm Not There. | Robbie Clark | |
2008 | The Dark Knight | The Joker | iar-tháirgíochta |
2009 | The Imaginarium of Doctor Parnassus | Tony |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Heath Ledger, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.