Néarón

Is é atá i néarón (nó cillín néarach nó néarchill) ná cillín sa chorp a ligeann thart gach sórt spreagadh a bhaineann leis an inchinn, leis na céadfaí agus le gach sórt gluaiseachta agus corrú a bhaineann don corp.

Is bunaonaid fheidhmithe i néarchóras an ainmhí iad. Déanann sé eolas a phróiseáil is a tharchur chuig fíocháin sprice (néaróin eile, matáin, faireoga), de ghnáth trí bhíthin ceimiceán (néaratharchuradóirí). I néarón veirteabraigh, de réir cineáil, bíonn cillchorp (le núicléas soiléir is cuid mhaith citeaphlasma mórthimpeall air), acsón amháin (le géaga teirminéil, oiriúnaithe chun eolas a iompar ón gcillchorp is trasna ceangal chuig na fíocháin sprice), agus deindrítí (ribí a phéacann amach ón gcillchorp is a ghlacann eolas ó theirminéil acsón ó néaróin eile chun an t-eolas sin a iomlánú ag an néarón). Ní bhíonn deindrítí i néaróin inveirteabrach.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtNéarón
Néarón
Sonraí
Laidinneuron
Cuid denéarchóras agus nervous tissue (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD009474
TAA14.0.00.002
THH2.00.06.1.00002
FMA54527 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/neuron
Téarmaíocht anatamaíoch

Tá cillíní áirithe a bhaineann le gluaiseacht agus corrú na ngéag agus agus an láir - néaróga mótair iadsan.

Néarón
Cillín néarach amháin.

Tá cillíní eile a bhaineann leis na céadfaí, .i. leis an amharc, leis an éisteacht, le mothúcháin tríd an gcraicinn, le boladh agus le blasú. Néaróga céadfaí iadsan.

Tá cillíní eile a bhaineann le feidhmiú na mball beatha, ar nós na n-aenna, na scamhóg agus an bhoilg. Tugtar néaróga átanómacha orthu sin.

Tá cillíní eile a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann an inchinn ar an eolas go léir a thagann isteach ó na néaróga céadfaí agus ó na néaróga átanómacha, chomh maith leis na mothúcháin intinne a bhaineann leo siúd. Tugtar néaróga comhcheangal orthu.


Tagairtí

Tags:

AinmhíCillínFíochánInveirteabrachNéaratharchuradóirNéarchórasNúicléas cillePróiseáil eolaisVeirteabrach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

LitríochtNa Stáit NordachaGreta ThunbergHakainde HichilemaVicipéidAn ÉigiptÍosa CríostNaomh PádraigCágFoirmle cheimiceachPáirtí Aontachtach DaonlathachGlasÉiceolaíocht2024TineSolasAn Ghaeilge i gCeanadaBusBolgachJohn Sullivan (scríbhneoir)Barbra StreisandCorcaighAn Ollainnis2016Buamáil La Mon (1978)GarraíodóireachtMS-DOS1875FéilireFicheallAn Comunn GàidhealachMeánscoilRúcachMícheál Ó CoileáinBitheolaíochtForbairt inbhuanaitheReiptílióga2012Kanye WestCeirmeachtCill TiarnáinSewall WrightColl (ogham)Teangacha CeilteachaAthnuachanThe SimpsonsThomas AntisellUNIXMicrosoft WindowsBaictéir Ghram-dhiúltachaTammi TerrellLondainMyrna Loy2015An LuanSeoltacht theirmeachHFlapógVicífhoclóirLeictrilítAn Dara Cogadh Domhanda2019CeoldrámaTerry WoganOró Sé do Bheatha 'BhaileEaspagSiocStaitistic🡆 More