Is polaiteoir de chuid na Colóime í Íngrid Betancourt agus gníomhaí ar son chearta an duine (a rugadh ar 25 Nollaig 1960)
Fuadaíodh Betancourt agus í i mbun toghchánaíochta sa Cholóim i mí Feabhra 2002. Cuireadh tús le feachtas pobail agus stáit sa Fhrainc chun í a fhuascailt ó lámha an FARC agus cuireadh dlús leis an bhfeachtas sin nuair a tháinig Sarkozy i gcumhacht. Ligeadh saor í ar 2 Iúil 2008.
Bronnadh dénáisiúntacht uirthi sna 1980idí (phós sí Francach) agus thóg sí an náisiúntacht Francach. Tá meas as cuimse ag muintir na Fraince ar Betancourt toisc an misneach a thaispeáin sí le linn di a bheith i ngéibheann.
Bronnadh an gradam Chevalier de la Légion d’Honneur ar Ingrid Betancourt ag searmanas in Áras an Elysées ar 14 Iúil 2008. ‘Is comhartha dóchais í Betancourt do mhuintir na Fraince,’ a dúirt uachtarán na tíre, Nicolas Sarkozy, fúithi agus é ag cur fáilte roimpi ar ais sa Fhrainc.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Íngrid Betancourt, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.