Ba mhatamaiticeoir, fisiceor agus réalteolaí Éireannach é Sir William Rowan Hamilton (4 Lúnasa, 1805 – 2 Meán Fómhair, 1865).
Rinne sé saothar i bhfisic theoiriciúil maidir le hoptaic is meicnic, agus sa mhatamaitic. Chuir Hamilton go mór le forbairt na hoptaice, na dinimice agus an ailgéabair. Réamhinis sé athraonadh solais i gcriostail, rud a dhearbhaigh turgnaimh níos déanaí. Baintear feidhm as graif Hamilton sa mhatamaitic scoite nua-aoiseach, go hiondúil. Ceapadh ar an gcéad fho-bhall d'Acadamh Náisiúnta Eolaíochtaí Mheiriceá i 1863, mar an eolaí beo ba mhó. Bhí sé ina cheannasaí i Réadlann Dhún Since ar feadh tamaill.
Is é fionnachtain an cheathairnín a thug clú agus cáil dó. San ailgéabar teibí a saothraíodh sa 19ú-20ú céad, sainmhínítear oibrithe eile, mar shampla ailgéabar nach bhfeidhmeodh an dlí cómhalartach ann, is é sin nach ionann AoB is BoA, ina seasann "o" don oibriú.
Ceannródaí i saothrú ailgéabar mar seo ab ea William Rowan Hamilton a d'fhorbair teoiric na gceathaimíon. Baintear feidhm as matamaitic thacar veicteoirí a bhfuil uimhreacha samhailteacha iontu inniu i ngrafaicí tríthoiseacha i ríomhairí is córais stiúrtha spásárthach.
Níos déanaí chuir an obair a rinne Hamilton le dinimic go mór le forbairt na Meicnice Candamaí, réimse ina a bhfuil an coincheap bunúsach Hamiltonian ainmnithe in ómós dó.
Dúradh gur thaispeáin Hamilton a thallann agus a chlisteacht nuair a bhí sé an-óg. Dúirt an réalteolaí Ardeaspaig Dr. John Brinkley sa bhliain 1823 faoi Hamilton a bhí 18 bliain d'aois:
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article William Rowan Hamilton, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.