Cathair stairiúil sa tSualainn í Uppsala.
Ansin atá cónaí ar Ard-Easpag na Sualainne ón mbliain 1164 anuas, agus is í Uppsala an chathair ollscolaíochta is sine i gCríoch Lochlann ar fad. Bronnadh cairt na cathrach ar Uppsala sa bhliain 1497, ach tá an áit i bhfad níos sine ná sin.
Uppsala | |||||
---|---|---|---|---|---|
Uppsala Cathedral (en) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an tSualainn | ||||
County of Sweden (en) | Uppsala County (en) | ||||
Municipality of Sweden (en) | Uppsala Municipality (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 166,698 (2020) | ||||
• Dlús | 3,856.07 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 4,323 ha | ||||
Airde | 15 m | ||||
Pointe is airde | Sunnerstabacken (en) (42 m) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ostra Aros (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 751 70 - 757 59 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 018 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | uppsala.se |
Sa bhliain 2008, bhí 144,839 duine ina gcónaí in Uppsala, de réir mar a roghnaíonn an rialtas áitiúil teorainneacha an áitribh lárnaigh a shainaithint (an daonra a thugann lárionad staidrimh na Sualainne, nó Statistiska centralbyrån, tá sé níos ísle, toisc nach n-áiríonn an lárionad na bruachbhailte úd Sävja, Lugnet agus Kuggbro mar chuid den áitreabh chathartha).
Lárionad tábhachtach cultúrtha a bhí in Uppsala riamh, a bhuí leis an ollscoil a bhfuil traidisiún fada aici. Is féidir, fiú, Gaeilge, Sean-Ghaeilge, agus Breatnais a fhoghlaim san ollscoil.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Uppsala, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.