Staraí Gearmánach ab ea Christian Matthias Theodor Mommsen (1817 - 1903).
Fathach de chuid an aois eagna sa naoú haois déag ab ea é. Rinne a scoláireacht tairbhe don léann clasaiceach, don tseanstair, don tseandálaíocht agus don dlí (don dlí Rómhánach agus don dlí dá thréimhse féin araon). Tá an-tionchar ag cuid mhór dá obair sna réimsí sin fós.
Rugadh Mommsen ar an 30ú lá de Shamhain i nGarding sa Dhiúcacht Schleswig.
Rinne Mommsen staidéir ar an dlí i Kiel ó 1838 go dtí 1843 agus ina ollamh le stair Rómhánach i mBeirlín ar an ó 1861 go 1887.
Bhí Mommsen ina pholaiteoir náisiúnach liobrálach, a bhí go láidir in éadan réimeas Bismarck, an fhrith-Sheimíteachais agus na héilimh de chuid na Slavach gach uair ar tháinig siad salach ar leas lucht labhartha na Gearmáinise.
Bhí tionchar láidir ag a scoláireacht sa dlí ar an Bürgerliches Gesetzbuch, Cód Sibhialta na Gearmáine, a achtaíodh sa bhliain 1896 agus a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1900.
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Mommsen sa bhliain 1902, mar aitheantas ar a shárshaothar il-imleabhrach Römische Geschichte (Gaeilge: 'Stair Rómhánach').
Fuair Mommsen bás ar an 1ú lá de Shamhain i gCharlottenburg na Gearmáine.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Theodor Mommsen, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.