Tairiscint a chruthaítear trí dhéaduchtú loighciúil ó roinnt prionsabal a nglactar leo roimh ré is ea teoirim.
Tá teoirimí geoiméadracha ar eolas go forleathan, ach bíonn teoirimí i ngach réimse den mhatamaitic.
Tugtar léamh ar theoirim shimplí a chruthaítear is a úsáidtear ansin chun cruthú teoirime eile a fhorbairt.
Más teoirim í go gciallaíonn ráiteas p ráiteas q, is é coinbhéarta na teoirime go gciallaíonn ráiteas q ráiteas p.
Ní fíor an coinbhéarta i ngach cás. Mar shampla, má tá dhá thriantán iomchuí, bíonn a bhfairsingí cothrom le chéile, ach ní gá go mbeidh dhá thriantán le fairsingí cothroma iomchuí.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Teoirim, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.