Cuingriú d'éastraigin shaorga is prógaistéarón saorga a thógann an bhean tríd an mbéal chun dul in ionad na hormón nádúrtha baineann tar éis an tsos míostraithe nuair a stopann an cholainn á dtáirgeadh.
Tógtar an teiripe chun siomptóim ar leith a mhaolú, cosúil le luisne the, allas istoíche, neamhchodladh, faighin thirim. Is maith an teiripe seo freisin chun iarmhairtí oistéaporóise a laghdú. Ar an taobh eile, is féidir go mbeidh fo-iarmhairtí neamhfhábhracha uirthi: trombóis, rith fola sa bhfaighin, agus priacal méadaithe ailse chíche.
MeSH | D020249 |
---|---|
eMedicine | 276104 |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Teiripe athsholáthar hormón, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.