Éimír Chatar is ea Síc Tamim bin Hamad Al Thani (Araibis: تميم بن حمد بن خليفة آل ثاني,a rugadh 3 Meitheamh 1980).
Is é an ceathrú mac é ag an Éimír roimhe seo, Hamad bin Khalifa. Bhí sé ina rialtóir ar Chatar ó 2013 nuair a d'éirigh a athair as an ríchathaoir. Ba é Tamim ina chomharba dealraitheach ó 2003 i leith nuair a thréig a dheartháir níos sine Síc Jassim a éileamh ar an ríchathaoir.
Is monarc Chatar é, ar mhonarcacht absalóideach í. Bhí baint aige le hiarrachtaí chun próifíl idirnáisiúnta Chatar a ardú trí imeachtaí spóirt a óstáil, chomh maith le Paris Saint-Germain FC a cheannach.
Rugadh Tamim bin Hamad ar an 3 Meitheamh 1980 i Doha, Catar. Is é an ceathrú mac é ag Síc Hamad bin Khalifa Al Thani, agus dara mac ag Síc Moza bint Nasser Al-Missned, dara bean chéile Hamad. Fuair Tamim a chuid oideachais ag Scoil Sherborne na Breataine Móire (Coláiste Idirnáisiúnta) i nDorset, agus ag Scoil Harrow, áit ar bhain sé A-Leibhéil amach i 1997. D’fhreastail sé ansin ar an Acadamh Míleata Ríoga Sandhurst, agus bhain sé céim amach i 1998.
Coimisiúnaíodh Síc Tamim mar an dara leifteanant i bhFórsaí Armtha Chatar nuair a bhain sé céim amach ó Sandhurst. Tháinig sé chun bheith ina oidhre ar ríchathaoir Chatar an 5 Lúnasa 2003, nuair a thréig a dheartháir níos sine Síc Jassim a éileamh ar an teideal. Ó shin réitíodh é chun dul i gceannas ar an stát, ag obair sna poist is airde slándála agus eacnamaíocha An 5 Lúnasa 2003, ceapadh é ina leas-cheannasaí ar fhórsaí armtha Chatar.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Tamim bin Hamad Al Thani, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.