Is éard atá sa tailidimíd ná cineál suaimhneasán, druga a úsáidtear chun othair imníocha a shuaimhniú gan iad a chur ina gcodladh.
Spriocghalar | Bellini duct carcinoma (en) , lobhra, galar nódú in éadan óstaigh, airtríteas réamatóideach, erythema nodosum (en) , mialóma iolrach, galar Letterer–Siwe, galar Behçet, cancar, macraglóbailinéime, drólainníteas Crohn, , lepromatous leprosy (en) , neurodermatitis (en) , macraglóbailinéime Waldenström, siondróm miailidiospláiseach, cutaneous lupus erythematosus (en) , pyoderma gangrenosum (en) , miailifiobróis agus mialóma iolrach |
---|---|
Sonraí cliniciúla | |
Riosca le linn toirchis | Australian pregnancy category X (en) agus US pregnancy category X (en) |
Bealach | riarachán béil |
Grúpa cógaseolaíochta | comhdhúil cheimiceach |
Cód ATC | L04AX02 |
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha | |
Foirmle | C13H10N2O4 |
Mais mhóilíneach | 258.064057 Da |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 50-35-1 |
PubChem (SID) | 5426 |
IUPHAR/BPS | 7327 |
DrugBank | 01041 |
ChemSpider | 5233 |
UNII | 4Z8R6ORS6L |
KEGG | C07910 agus D00754 |
ChEBI | 74947 |
ChEMBL | CHEMBL468 |
ECHA | 100.000.029 |
Móilín círiúil é móilín na tailídimíde, is é sin, tá an tailidimíd comhdhéanta as dhá chineál móilíní - eanantaiméirí, nó isiméirí optúla - ar scáilí scáthánacha dá chéile iad. Mar a thuigtear inniu, níl ach ceann den dá eanantaiméir ina theiritigin, agus an ceann eile ina chógas úsáideach.
Inniu baintear úsáid áirithe as an tailidimíd fós mar chógas ailse agus lobhra.Tá fianaise ann go mb'fhéidir gur oibreán cumasach frithailseach an tailidimíd, mar cuireann sé bac ar fhás fuileadán a chothódh an siad.
Tugadh isteach an druga san Iar-Ghearmáin ar 1 Deireadh Fómhair, sa Bhreatain sa bhliain 1958, in Éirinn i mí na Bealtaine 1959 agus ina dhiaidh sin i gcuid mhaith tíortha eile (seachas na Stáit Aontaithe áfach). D'éirigh sí an-choitianta (ní raibh ródháileog thromábhal marfach, fiú). Go háirithe tugadh isteach Tailídimíd mar dhruga ar oideas le cóir leighis ar thinneas maidne.
Ar an drochuair, fuarthas amach de réir a chéile gur teiritigin a bhí inti, ábhar a chuir tús le míchumaí comhbheirthe. Is é an toradh a bhí air seo nó gur rugadh leanaí le míchumais fhisiciúla.
Tarraingíodh siar í ó 1961 ar aghaidh. Meastar gur tharla míchumaí mar easpa géag nó codanna géag do 20% ar a laghad de na leanaí a rugadh do mhná a thóg tailidimíd le linn a dtoirchis: níos mó ná 10,000 leanbh.
Sna Stáit Aontaithe, ní raibh an tÚdarás Bia agus Drugaí i bhfabhar agus ní raibh Dr. Frances Kelsey sásta cead a thabhairt don druga nua. I Lúnasa 1962, fuair sí "the President’s Award" ó John F. Kennedy.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin chógaiseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Tailidimíd, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.