Is éard is tacsanomaíocht (ón nGréigis Ársa:τάξις taxis socrú agus νομία nomia modh) ann ná an eolaíocht a bhaineann le haithint agus le hainmniú speiceas, agus le hiad a shocrú in aicmiú faoi leith.
Baineann réimse na tacsanomaíochta, uaireanta dá ngairtear "tacsanomaíocht na bitheolaíochta", le cur síos agus úsáid na n-aonad tacsanomaíoch, ar a dtugtar 'tacsóin' (uatha:tacsón). Bíonn tacsanomaíocht ar leith mar thoradh ar an phróiseas ("an tacsanomaíocht de ..."), eagraithe i struchtúr ordlathach nó scéim rangúcháin.
Cuirtear síos ar orgánaigh bheo, a n-ainmnítear is a rangaítear iad, de réir a gcosúlachtaí is a n-éagsúlachtaí, a gcarachtar deilbheolaíoch is a ngaolta éabhlóideacha.
Is sampla de rangú nua-aimseartha an ceann a foilsíodh sa bhliain 2009 ag an nGrúpa Fhíligineacht Angaispeirmeach do gach beo-theaghlach de phlandaí bláthanna (an córas APG III).
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Tacsanomaíocht (ginearálta), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.