Stelios Kyriakides: Cianreathaí Gréagach

Bhuaigh an Gréagach Stylianos (Stelios) Kyriakides, fear de chuid na Cipire (15 Eanáir 1910 - 10 Nollaig 1987) rás an mharatóin i gcathair Bhostúin Mheiriceá sa mbliain 1946, agus tá cáil air ó shin i Meiriceá agus sa Ghréig i ngeall ar an méid a bhain sé amach leis an mbua sin.

Infotaula de personaStelios Kyriakides
Beathaisnéis
Breith15 Eanáir 1910
Paphos, An Chipir Cuir in eagar ar Wikidata
BásNollaig 1987
77 bliana d'aois
Filothei, An Ghréig (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiomaitheoir lúthchleasaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaNua-Ghréigis
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
1934- Panathinaikos Athletics (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1948Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1948
1936Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1936 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú
Stelios Kyriakides: Saol, Bás agus onóir, Féach freisin

Saol

Rugadh Kyriakides ar oileán na Cipire sa mbliain 1910. Ba ansin a thosaigh sé ag rith. Bhí muintir an oileáin beo bocht agus is beag cúnamh ná traenáil a fuair sé. Théadh sé amach san oíche ag rith cois na trá i Limassol. Sa bhliain 1934, bhain sé Craobh Náisiúnta an Mharatóin amach sa Ghréig.

D’éirigh le Kyriakides áit a bhaint amach ar fhoireann na Gréige a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha a reáchtáladh i mBeirlín na Gearmáine i 1936, agus é ag rith i rás an mharatóin. Sa 11ú áit, níor éirigh leis bonn a bhaint, ach bhí tábhacht nach beag leis an rás sin agus ag ionadaíocht Kyriakides ann, blianta ina dhiaidh sin. Ba iad na Cluichí Oilimpeacha i mBeirlín a shábháil a bheatha.

Agus é ag rith i mBeirlín, casadh reathaí as Meiriceá air, Johnny Kelley. Thug seisean cuireadh dó teacht go Meiriceá agus páirt a ghlacadh sa rás Maratón ba mhó cáil ar domhan ag an am sin, Maratón Bostúin.

D’éirigh le Kyriakides dul go Bostún i 1938– rinne sé a chuid traenála ag siúl suas síos an deic ar an long a thug trasna an Atlantaigh é. Bhronn duine éicint a raibh trua aige don fhear bocht seo as an nGréig, péire nua bróga reatha air. Ach b’in an áit ar bhuail an mí-ádh é. Tháinig spuaiceanna ar a chosa agus ní raibh sé in ann an rás a chríochnú. Gheall sé do Kelley go bhfillfeadh sé agus go mbuafadh sé.

An bhliain dár gcionn a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an reathaí maratóin anois ina bhall den dream a throid sna sléibhte agus sna bailte beaga tuaithe, faoi cheilt. Lá amháin i 1943, ghabh na Naitsithe Kyriakides agus 49 fear eile, as baile beag agus bhíodar chun iad a chur chun báis. Ba rud é seo a rinneadar go minic mar dhíoltas dá marófaí fiú saighdiúir Gearmánach amháin. Trí sheans chonaic an t-oifigeach go raibh páipéar nó pas ó na cluichí Oilimpeacha i mBeirlín ag Kyriakides. Scaoil sé saor ar an bpointe é agus d’ordaigh nach gcuirfí isteach air arís. D’fhill an reathaí ar a bhaile agus ar a chuid gníomhaíochtaí frithNaitsíocha. Ach cuireadh an 49 fear eile chun báis ar an toirt. Ghoill sé sin ar Kyriakides an chuid eile dá shaol.

Tar éis an chogaidh, chinn Kyriakides páirt a ghlacadh arís i Rás Bhostúin tar éis briseadh ocht mbliana, is gan aon traenáil cheart déanta aige. Agus d’úsáidfeadh sé an ócáid le hairgead agus soláthairtí bia a bhailiú dá thír dúchais. An bhliain 1946 a bhí ann. Meastar gurb é Kyriakides a rith an chéad rás maratóin ‘carthanachta’ ariamh i mBostún. Bhuaigh sé an rás in 2:29:27 – b’in 14 nóiméad níb fhearr ná an aon am a bhí rite aige féin go dtí sin.

Níor fhill sé ar an mbaile ar an bpointe. Chuaigh sé ar thuras timpeall na Stát Aontaithe agus bhailigh suas le 25,000 tonna soláthairtí cabhrach agus $250,000 in airgead tirim. Ag filleadh ar an nGréig dó ina dhiaidh sin, tháinig milliún duine amach le fáiltiú roimhe. Lasadh soilse ar an séadchomhartha mór, an Acropolis ina onóir.

Bás agus onóir

Fuair Stelios Kyriakides bás san Aithin i 1987.

Tugadh duaiseanna agus onóracha móra dó sa nGréig agus thar lear. Thug Coiste Oilimpeach na Stát Aontaithe gradam speisialta dó agus tá taispeántas buan ‘Stylianos Kyriakides – Running for Mankind’ in onóir dó i Músaem Spóirt Massachusetts. Agus tá dealbh ar leith, ‘Spiorad an Mharatóin’, tógtha ina onóir in Hopkinton, Bostún. Nochtadh é in 2006, 60 bliain tar éis a éachta ar son a thír dhúchais.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Stelios Kyriakides SaolStelios Kyriakides Bás agus onóirStelios Kyriakides Féach freisinStelios Kyriakides TagairtíStelios KyriakidesAn ChipirMaratón Bhostúin

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Le CorbusierWiki FoundationSimon HarrisThe Unforgettable FireHoilmiamStairRowan AtkinsonCogadh Meicsiceach-MeiriceánachMichelle ObamaFilidLiosta daoine as an mBreatain BheagMarlee MatlinColún reathaAiltireachtDenise McCormackCecilia Payne-GaposchkinSclábhaíochtFord Motor CompanyArm Phoblacht na hÉireann (APÉ)Caitríona II na RúiseUNTAET (Náisiún Aontaithe sa Tíomór Thoir)MeiceCéadaoin an BhraithReese WitherspoonTír ChonaillCearrbhachasAn AoineValladolidToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024Georg Wilhelm Friedrich HegelSeandálaíochtOistéairtríteasEmma WatsonRachel CarsonAn AstráilTwitterCuauhtémoc (delegacion Chathair Mheicsiceo)Cúirt Uachtarach na Stát AontaitheNua-GheirsíLitríocht na SeapáineAn tSeicHenrik IbsenAn ÍoslainnBarrchuarcBratach na hÉireannStaitisticZacairiá (fáidh Giúdach sa Sean Tiomna)Jim MorrisonGníomhaíocht na nOibrithe agus na nDífhostaitheDrosera rotundifoliaBarack ObamaPolybiusFiaclóireachtBreacánAn tSean-ÉigiptInternational Standard Serial NumberIosraelHidreaponaicPáirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)Ollscoil Oxford1939An BéarlaAois na FaisnéiseBirminghamLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireannMike Pence🡆 More