Rás reathaíochta fad-achair bliantúil a thionóltar i mBostún is ea Maratóin Bhostúin, ceann de na maratóin is cáiliúla ar fud na cruinne.
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Boston Marathon |
---|---|
Cineál | imeacht spóirt féiltiúil |
Bailíocht | 1897 - |
Eatramh imeacht | 1 bliain |
Suíomh | Greater Boston, Massachusetts (en) |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Eagraí | Boston Athletic Association (en) |
Spórt | maratón |
Suíomh gréasáin | baa.org… |
Reáchtáladh Maratón Bhostúin den chéad uair ar 19 Aibreán 1897. Bhuaigh John McDermott, de shliocht Éireannach, an rás (tugadh an 'B.A.A. Road Race' air ag an am). Sa bhliain 1967, d’éirigh le Kathrine Switzer Maratón Bhostúin a rith ó thús go deireadh agus í cláraithe faoin ainm neodrach ‘K. V. Switzer’, d’ainneoin na n-iarrachtaí a rinne feidhmeannaigh í a bhaint den rás. I ndiaidh na heachtra, cuireadh cosc foirmiúil ar mhná a bheith ag rásaíocht, Ní raibh cead ag mná páirt a ghlacadh sa rás go dtí 1972 nuair nár chláraigh ach naonúr ban fána choinne.
Idir 1887-2009, níor ceapadh ach bean amháin mar uachtarán ar an bhord gobharnóirí.
Tharla Buamáil Bhostúin ar an 15 Aibreán, 2013, Maraíodh triúr agus gortaíodh 264 duine mar gheall ar an ionsaí.
Sa bhliain 2018, rith 13,684 bean i mBostún.
Ar an 29 Bealtaine 2020, d’fhógair Méara Bhostúin Marty Walsh agus an Boston Sports Association gur cuireadh Maratón Bhostúin siar go dtí 14 Meán Fómhair 2020 de bharr COVID, ach cealaíodh an rás faoi dheireadh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Maratón Bhostúin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.