Tharla Sléacht Srebrenica, nó cinedhíothú ar Mhoslamaigh in oirthear Bhosnia (Boisniach: Masakr u Srebrenici; Genocid u Srebrenici) sa Bhoisnia-Heirseagaivéin) idir 11–22 Iúil 1995, an sléacht ba mheasa san Eoraip ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda..
Dúnmharaíodh timpeall 8,370 duine, fir is buachaillí Moslamacha sa chuid is mó, ach páistí, mná agus fir aosta san áireamh. Tháinig ar bhreis is 7,000 corpán níos déanaí.
Cogadh Boisniach | |
---|---|
Cineál | coir chogaidh, coireacht in aghaidh na daonnachta agus cinedhíothú |
Dáta | 11 – 22 Iúil 1995 |
Comhordanáidí | 44°06′N 19°18′E / 44.1°N 19.3°E |
Áit | Srebrenica |
Tír | An Bhoisnia-Heirseagaivéin |
Sprioc | Bosniaks (en) |
Líon marbh | 8,372 |
Rannpháirtithe | Army of Republika Srpska (en) |
Dhíbir Seirbiaigh Bosnia na mílte Moslamach amach as an tír idir 1992-1995. Cogadh fíochmhar, fuilteach, a bhí ann, a d’fhág os cionn 100,000 marbh. Moslamaigh, Crótaigh, Seirbiaigh. Na Moslamaigh ba mhó a d’fhulaing.
Rinne Misean na Náisiún Aontaithe sa Bhoisnia-Heirseagaivéin faic chun an sléacht a stopadh.
D'ordaigh ceannasaí na bhfórsaí Seirbiacha sa Bhoisnia, Ratko Mladic, go marófaí suas le 8,000 fear agus buachaill Moslamach i Srebrenica.
Chuidigh an Ginearál Seirbiach Bosniach, Zdravko Tolimir, leis an cheannasaí míleata Ratko Mladich mórshléacht Srebrenica a eagrú.
Tugadh chun trialach Slobodan Milošević, Ratko Mladich, Zdravko Tolimir, Radovan Karadžić agus go leor eile sa Háig ar feadh na mblianta maidir le coireanna cogaidh.
Iidir 1998 agus 1999, bhris cogadh amach idir arm na hIúgslaive agus Arm Saoirse na Cosaive (Moslamach) agus rinne ECAT buamáil ar Seirbia. Fógraíodh neamhspleáchas na Cosaive sa pharlaimint ar an 17 Feabhra 2008.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Sléacht Srebrenica, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.